English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Faoisimh Tuilte Crois MhaoílIona

Tá stair fada ar tuilte ag Abhainn an Daoil agus Baile Crois Mhaoílíona. Mar thoradh ar na ceithre eachtra tuile is déanaí í 1989, 2006 agus 2015 (faoi dhó) bhí tuilte de thrí phríomhshráid i mBaile Crois Mhaoílíona. Bhí thart ar 120 foirgnimh báite ag uisce tuile le linn na dtuilte is tromchúisí i mí na Nollag 2015. Dá bhrí sin, tá géarghá le bearta a úsáid chun aon tuilte sa bhaile a mhaolú sa todhchaí.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Comhairle Contae Mhaigh Eo (MCC), Innealtóirí Comhairleacha Ryan Hanley, agus Comhairleoirí Pleanála agus Comhshaoil McCarthy Keville O'Sullivan (MKO) ag dul ar aghaidh le Scéim Faoisimh Tuilte Crois Mhaoílíona. Is é an scéim tuile atá beartaithe d’Abhainn an Daoil ná cainéal atreoraithe suas an abhainn ón mbaile le cumas 110 méadar ciúbach in aghaidh an tsoicind, a treoróidh an t-uiscí tuile ón mbaile, go díreach chuig tuilemhánna Loch Conn. Beidh an scéim deartha chun freastal teagmhas tuile 1% Dóchúlacht Sáraitheachta Bliantúil (AEP) (ar a dtugtar an teagmhas tuile 100 bliain fresin ), ach freastalóidh sé freisin ar eachtra tuile níos mó mar tá acmhainn bhreise ag an gcainéal atreoraithe. Déanfaidh sé seo cosaint i gcoinne tuilte a bhaineann le hathrú aeráide féideartha sa todchaí d’fhéadfadh sé sin méid na hócáide tuile 100 bliain a mhéadú.

Le haghaidh tuilleadh eolas a fháil faoin scéim seo, féach ar leathanach tionscadail Scéim Faoisimh Tuilte Crois MhaoílIona ag:

floodinfo.ie/frs/en/crossmolina/