Stáisiún na nGardaí Baile an Mhóta
- Foilsithe: 9 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 31 Márta 2021
Tógadh Ceanncheathrú Ceantair Stáisiún na nGardaí i mBaile an Mhóta ar an suíomh ar a raibh an seanbhácús baile agus tógadh é in ionad an stáisiúin a bhí ann gar dó a bhí i bhfoirgneamh níos sine nach raibh oiriúnach chun seirbhís póilíneachta nua-aoiseach a sholáthar.
Cuireann an foirgneamh nua, atá tógtha thar dhá urlár, saoráid níos mó ar fáil i gcomparáid leis an seanfhoirgneamh, a léiríonn an fheidhm atá aige mar Cheanncheathrú Ceantair gnóthach atá ag freastal ar dhobharcheantar mór tuaithe i gCo. Shligigh. Tugadh a raibh sa seanbhácús, atá an-spéisiúil go háitiúil ó thaobh staire de agus a bhí mar chuid den stair tionscail agus sóisialta ó ré a bhí ann roimhe, ar iasacht bhuan do Chuideachta Fiontair Bhaile an Mhóta le cur ar taispeáint go poiblí sa Mhúsaem Iompair sa bhaile.
Thosaigh an tógáil ar an suíomh ar an 10 Márta 2008 agus ina dhiaidh sin d'imigh an Garda Síochána isteach ann ar an 30 Meán Fómhair 2009.
Is é atá i gceist leis an gcóiríocht ná foirgneamh nua-aoiseach ina bhfuil dhá urlár agus garáiste in aice leis, Stóras Maoine Rannóige, fostáisiún den BSL, crann teileachumarsáide, clós fálaithe agus carrchlós trí chabhsán ar an bhfuil crainn.
Rinneadh an foirgneamh a dhearadh mar struchtúr ina bhfuil dhá urlár a léiríonn scála na struchtúr atá in aice leis agus líne na bhfoirgneamh/ líne na ndíonta atá ar an sráid sa bhaile faoi láthair. Roghnaíodh na hábhair, an díon slinne san áireamh, le teacht le comhthéacs an fhoirgnimh, atá mar bhaile margaidh traidisiúnta, ach déantar iad a léiriú ar bhealach nua-aoiseach. Na hábhair eile a úsáideadh ná cumhdach d'adhmad crua, bríce innealtóireachta gorm/dubh agus alúmanam brataithe le púdar.
Bhí An Garda Síochána agus an pobal áitiúil an-sásta leis an bhfoirgneamh agus is fócas lárnach maith é don tseirbhís phobail thábhachtach seo atá i lár an bhaile.
An Fhoireann Dearaidh
Ailtirí:
- Coady Partnership Architects, Ionad Gnó Chnocán Aoibhinn, Ascaill Chnocán Aoibhinn Uachtarach, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6
- Seirbhísí Ailtireachta an OPW
Innealtóirí Meicniúla & Leictreacha:
- Kyne & Clyne Engineering Consultants Ltd, Cúirt Calbro, Br Thuama, Gaillimh
Suirbhéir Cainníochta:
- McCauls Chartered QS, 45 Sráid an Fhíona, Sligeach
Innealtóir Struchtúr
- Denis O’Leary & Partners, 12 Céide Bhaile na Creige, An Charraig Dhubh, Co Bhaile Átha Cliath
Seirbhís an OPW:
- Seirbhísí Ailtireachta
- Rannóg Troscán
- Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine
- Seirbhísí Bainistíochta Tionscadal
- Seirbhísí Bainistíochta Réadmhaoine
Príomhchonraitheoir:
- PJ Treacy & Sons Ltd, Br Tempo, Inis Ceithleann, Co Fhear Manach, BT 746 HR
Fochonraitheoirí:
- Meicniúil: James Likely Ltd.
- Leictreach: Precision Electric (Ireland) Ltd
- Ardaitheoir: Ennis Lifts