Straitéis Náisiúnta um Baiinistíocht Athriathe Cósta
- Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2023
D’fhoilsigh Mr. Darragh O’Brien, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Mr. Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Tuarascáil an Ghrúpa Idir
Ranna ar an Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht Athrú Cósta.
Mar fhreagra ar na rioscaí forbraíochta a bhaineann le hathrú aeráide - lena n-áirítear athrú ar phatrúin
aimsire agus ardú measta suas le méadar amháin ar leibhéal na farraige faoin mbliain 2100 - bhunaigh an Rialtas an Grúpa Idir-Rannach ar an Straitéis um Athrú Cósta a Bhainistiú. Ba é cuspóir an Ghrúpa scóip a dhéanamh ar chur chuige d'fhorbairt straitéise lán-Rialtais chomhtháite chun athrú cósta a bhainistiú. Leagtar amach sa Tuarascáil torthaí tosaigh agus moltaí an Ghrúpa chun cur ar chumas an Stáit rioscaí a mheas agus freagraí cuí a fhorbairt.