Treoir Tuilte an AE
- Foilsithe: 9 Eanáir 2016
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2022
Is aidhm do Threoir ‘Tuilte’ an AE, a tháinig i bhfeidhm in 2007, drochthionchair tuilte ar shláinte daoine, ar an gcomhshaol, ar oidhreacht chultúrtha agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a laghdú. Leagann an Treoir de dhualgas ar Bhallstáit trí céim lárnach anailíse agus pleanála a dhéanamh:
• Réamh-mheasúnú Priacal Tuile (RPT): Scagadh ar phriacal tuile chun Limistéir faoi Phriacal Tuile Suntasach Dóchúil (LPTSD), dar tugadh Limistéir um Measúnú Breise (LMB), a léiriú don Chlár Náisiúnta MBPTA . Is réamh-mheasúnú é an RPT, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil cheana nó atá infhaighte.
• Mapaí Tuile: Mapaí priacal agus guaise tuile a ullmhú le haghaidh na LPTSD.
• Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile (PBPT): Pleananna a ullmhú a leagann amach cuspóirí agus sraith bearta dírithe ar an bpriacal tuile ins na LPTSD a bhainistiú agus a laghdú.
Agus na céimeanna seo á bhfeidhmiú, leagann an Treoir freisin ar na Ballstáit malartú faisnéise agus comhordú trasteorann a dhéanamh, comhordú le feidhmiú an Treoir um Chreat Uisce (TCT), na Mapaí agus RPT a fhoilsiú agus gníomhú páirtithe leasmhara in ullmhú na PBPT a spreagadh. In undertaking these three key steps, the Directive also requires Member States.
Tá an Treoir ‘Tuilte’ timthriallach; is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an RPT, na Mapaí Tuile agus na PBPT tar éis sé bliana.
Tá na Mapaí Tuile agus na PBPT ar fáil ar shuíomh gréasáin tuile OPW - www.floodinfo.ie
Críochnaíodh athbhreithniú RPT in 2019.
Críochnaíodh athbhreithniú na PBPT i mí na Nollag 2021.