Úsáid Níos Lú
- Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I bhfianaise an scéil faoi láthair agus amach anseo maidir le praghsanna agus soláthar fuinnimh, ghlac an Rialtas cinneadh go gcaithfidh gach eagras san earnáil phoiblí dea-shampla a thabhairt maidir le caitheamh fuinnimh agus costais a laghdú. Déanfar é sin le páirt a ghlacadh san fheachtas um éifeacht fuinnimh Reduce Your Use ag Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI) agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), a chuimsíonn bearta cuí a fheidhmiú mar atá leagtha amach sa riachtanais éigeantacha atá fógartha anseo: Faomhann an Chomh-Aireacht bearta chun caitheamh fuinnimh a laghdú ar fud na hearnála poiblí: Ceadaíonn an Chomh-aireacht bearta chun úsáid fuinnimh a chiorrú ar fud na hearnála poiblí
Iarrann an Rialtas ar dhaoine fanacht teolaí agus slán um gheimhridh i mbliana agus a bheith ar an eolas go bhfuil cabhair ar fáil más gá sna seachtainí agus na míonna atá romhainn. Sa bhileog eolais thíos tugtar comhairle maidir le feasacht faoi chaitheamh fuinnimh agus conas do chaitheamh fuinnimh féin a laghdú.
Cliceáil ar an nasc thíos chun tuilleadh eolais a fháil maidir le caitheamh fuinnimh sa bhaile a laghdú.