English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Bí Ullamh don Gheimhreadh

Tá sé i gceist ag an bhfeachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhridh’, atá san aonú bliain déag anois, feasacht a ardú faoi na dúshláin ar leith is féidir leis an gheimhreadh a chur i láthair agus soláthraíonn sé cur chuige comhordaithe agus trasghearrtha maidir le teachtaireachtaí sábháilteachta poiblí agus scaipeadh faisnéise maidir le hullmhúcháin gheimhridh

Is ócáid bhliantúil sheanbhunaithe thábhachtach í an feachtas faisnéise seo anois a bhfuil tionchar aici ar fud na seirbhíse poiblí iomláine.

Leagann an feachtas béim ar an gcur chuige ‘Uile-Rialtais’ atá á ghlacadh maidir le hullmhúcháin gheimhridh. Chonacthas an cineál cur chuige seo le linn stoirmeacha le déanaí agus imeachtaí drochaimsire a tharla le roinnt blianta anuas a chruthaigh dúshláin do dhaoine aonair, do phobail, do ghnólachtaí, do Ranna Rialtais agus do Ghníomhaireachtaí.

Rud atá tábhachtach, cuireann an feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ an pobal ar an eolas faoina bhfuil á dhéanamh maidir le hullmhúcháin gheimhridh agus faoin áit ar féidir leo faisnéis luachmhar a fháil a chabhróidh leo trí thréimhse dheacair.

Tá feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ na bliana seo dírithe ar “Fan Sábháilte ar an bhFeirm i rith an Gheimhridh”. Tá an Oifig um Pleanáil Éigeandála, i gcomhar lena comhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tar éis bileog ar shábháilteacht feirme a dhearadh agus a tháirgeadh. Tá an bhileog seo agus na bileoga ó fheachtais Bí Ullamh don Gheimhreadh roimhe seo ar fáil ar an láithreán gréasáin winterready.ie

Bí Ullamh don Gheimhreadh 2021
Ullmhaíodh an t-eagrán athbhreithnithe seo dár Leabhrán Bí Réidh don Gheimhreadh mar chuid de thionscnamh Rialtas na hÉireann chun cabhrú le teaghlaigh ullmhú don gheimhreadh agus iad ag maireachtáil freisin leis na tionchair atá ag COVID-19. Le haghaidh faisnéise cothrom le dáta féach le do thoil www.gov.ie/covid19
Amharc amharc