English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Bainistiú Priacal Tuile in Éirinn

Féadfaidh tuilte in Éirinn tionchar suntasach a imirt ar thithe cónaithe, ar ghnóthais, ar dhaoine agus ar phobail. Ní féidir deireadh a chur le fadhb na dtuilte ar fad ach is féidir é a bhainistiú nó a mhaolú chun an dóchúlacht, an ghéire nó an tionchar a laghdú.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) i gceannas ar chur chuige réamhghníomhach lánrialtais maidir le bainistiú priacal tuile a thugann aird ar thionchair dhóchúla ón athrú aeráide, thar thrí réimsí straitéiseacha:

◾ Cosc – tógáil a sheachaint in áiteanna ina bhfuil priacal tuile

◾ Cosaint – bearta indéanta a ghlacadh chun limistéir a chosaint ar thuilte

◾ Ullmhacht – pleanáil agus freagairt um thionchair ó thuilte a laghdú

Is é OPW an t-údarás náisiúnta atá freagrach as feidhmiú Treoir Tuilte an AE.

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil an OPW i gceannas ar chur chuige réamhghníomhach lánrialtais maidir le bainistiú priacal tuile.

Bainistiú Priacal Tuile in Éirinn
Léigh achoimre ar an gcaoi a bhfuil an OPW i gceannas ar chur chuige réamhghníomhach lánrialtais maidir le bainistiú priacal tuile.
Amharc amharc