English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Printíseachtaí: greim láimhe ar an Oidhreacht

I mbliana, le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta ó 15 – 23 Lúnasa, bhí Oifig na nOibreacha Poiblí bródúil as an nasc idir oideachas agus oidhreachta a cheiliúradh. Is do gach aois an fhoghlaim agus is fada atá OPW ag tairiscint printíseachtaí do dhaoine um na scileanna a thabhairt dóibh ár n-oidhreacht luachmhar a chaomhnú.

Tugann printíseachtaí bealach nuálaíoch chuig iliomad réimse saothair. Féadfaidh daoine an t-áthas a bhaineann le saothar láimhe a aimsiú, ceardanna nua a ghlacadh chucu féin agus a gcumas a fhorbairt trí chlár oideachais agus oiliúna le tacú ina láthair oibre féin. Léiríonn na deiseanna gairme seo an luach a bhaineann le sainchumas a fhorbairt trí eolas agus oiliúint a dhaingniú le himeacht aimsire.

Tá printíseachtaí ar fáil ag OPW in iliomad réimse – mar shampla, Greanadh Cloch agus Saor Cloiche, chomh maith le Siúinéireacht agus Adhmadóireacht, i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá scéim printíseachta ag Rannóg Troscáin OPW le 50 bliain anuas; d’athraigh sé seo thar na blianta chun riachtanais nua tionscail a fhreagairt agus ag an am céanna coinnítear na bunluacha maidir le modhanna traidisiúnta caomhnaithe agus athchóirithe atá fós á gcleachtadh inniu.

Tá breis agus 650 láthair oidhreachta ag OPW agus mar sin éiríonn riachtanais iomadúla maidir le scileanna caomhnaithe atá á bhfoghlaim ag printísigh i réimsí tábhachtacha saothair.