Seolann Oifig na nOibreacha Poiblí Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Léiríonn suirbhé nua ó Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go bhfuil breis agus leath an phobail (56%) in amhras maidir le feabhsú bithéagsúlachta, cé gur mian le móramh mór (90%) a gcion a dhéanamh chun bithéagsúlacht Éireann a fheabhsú. Tagann an léiriú seo i dteannta le Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta atá á seoladh ag OPW um fheabhsú bithéagsúlachta ar fud a chuid oibríochtaí uile.
Tá OPW ar cheann de na heagrais rialtais atá ag obair chun tacú leis an Straitéis Náisiúnta Bithéagsúlachta a chur i bhfeidhm. Sa Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta tá 48 ngníomhaíocht ar leith léirithe ag OPW mar chuid de chúig téama a chuirfear i bhfeidhm chun bithéagsúlacht a lonnú i ngach réimse saothair. Orthusan tá tariscint nuálaíoch um chlár ‘Fearann Fiadhúlra’ a chur chun cinn trí ról ceannasach a ghlacadh maidir le tailte, foirgnimh agus uiscebhealaí a dhearadh agus a athrú sa chaoi go mbeidh áiteanna slán nádúrtha – mar shampla, fáirthe ialtóg agus láithreacha neadaireachta pailneoirí agus éán.
Chun an Straitéis um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta a chur abhaile ar an bpobal, tá feachtas nua ar líne #InOurNature le seoladh ag OPW chun daoine a spreagadh um bithéagsúlacht a chothú ina dtithe cónaithe féin.
Seolann Oifig na nOibreacha Poiblí Straitéis nua um Ghníomhaíocht Bhithéagsúlachta