English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tá eagrán an Fhómhair 2022 de ríomhiris OPW Oidhreacht Éireann

Oíche Shamhna Shona Daoibh

Fáilte chuig an eagrán seo na Samhna d’Oidhreacht Éireann. Um Shamhain i mbliana tá raidhse imeachtaí Samhna againn ag iliomad suíomh scéinsiúla ar fud na tíre! Féach na meáin shóisialta againn nó féach an nasc [external-link www.heritageireland.ie | www.heritageireland.ie ] le haghaidh sonraí faoi na himeachtaí spreagúla agus aerachtúla atá ar bun againn duitse.

Chomh maith leis an gclár imeachtaí Samhna againne, beidh Púca – féile Fáilte Ireland – ar siúl ag cuid de láithreacha oidhreachta OPW. Ceiliúrann Púca Éire mar áit bhreithe na Samhna agus na traidisiúin a bhaineann leis an bhféile Cheilteach sin.

Beidh sos geimhridh ag cuid mhór de na láithreacha oidhreachta againn ó mhí na Samhna ar aghaidh, mar sin ná lig uait an seans seo chun cuairt a thabhairt orthu. Ach bíonn cuid mhór eile de na láithreacha againn ar oscailt ar feadh na bliana ar fad, agus tá deis an tráth seo bliana cuairt a thabhairt orthu agus iad níos ciúine agus níos compordaí. Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh gréasáin againn [external-link www.heritageireland.ie | www.heritageireland.ie ].