Ó Lug an Lá go Farmleigh: Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh Leabharlann Garech Browne ar iasacht fadtéarmach
- Foilsithe: 22 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí, i gcomhpháirtíocht le hIontabhais Mhuintir, a fhógairt go bhfuil Leabharlann Garech Browne ar iasacht fadtéarmach chuig Farmleigh.
Cuimsíonn an leabharlann thart faoi 20,000 leabhar agus láimhscríbhinní a léiríonn an réimse leathan ábhar spéise ag Garech Browne lena shaol. Ar na hábhair a chlúdaítear tá litríocht idirnáisiúnta, ealaín, ceol, fealsúnacht, reiligiúin, stair agus luibheolaíocht. Tá raidhse leabhar ann atá neamhchoitianta agus fíorspéisiúil araon. Bhí teagmháil ag Garech le mórchuid scríbhneoirí cáiliúla de bhunadh na hÉireann san 20ú aois agus tá iliomad céadeagrán, atá sínithe ag na húdair, sa bhailiúchán.
Ar an dea-uair maidir le glúin éagsúla de mhuintir Guinness, beidh a leabharlann in aontíos le bailiúchán an iar-Thiarna Iveagh, Benjamin Guinness, mar is ag Farmleigh atá na leabhair a d’fhág sé mar uacht ag Leabharlann Marsh. Ba e an chéad Tiarna Iveagh, Edward Cecil Guinness, a bhunaigh Farmleigh; ba é sin-seanathair Benjamin Guinness, agus Garech Browne trína mháthair Oonagh Guinness. Inniu, is é Teach Farmleigh teach aíochta oifigiúil Stáit Éireann agus is ann a fhanann cinnirí stáit a thagann ar cuairt agus aíonna ardchéime an Rialtais. Tá sé ar oscailt do chuairteoirí freisin agus tionóltar imeachtaí cultúrtha ann.
Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, TD:
“Is onóir mór againn an muinín as OPW um leabharlann sainiúil Garech Browne a ghlacadh ar láimh agus a chur ar fáil do lucht taighde ag Farmleigh. Is é seo an sampla is déanaí de na hiliomaid comhpháirtíochtaí againn le fada ag suíomhanna oidhreachta éagsúla atá faoi chúram againn, le mórinstitiúidí cultúrtha, eagrais neamhbhrabúsacha agus daoine príobháideacha, ionas gur féidir réimse saibhir bailiúchán agus uachta a roinnt leis an bpobal.
Tá áthas orm freisin a fhógairt gur bhronn Iontaobhaithe Mhuintir Browne ar an Stát an bailiúchán 69 carráiste capaill a thiomsaigh Garech Browne le linn a shaoil. Chun go bhféadfadh sé na carráistí seo a thiomáint, ghnóthaigh Garech an cháilíocht oifigiúil: ceadúnas fruilchairr, uimhir suaitheantais 99 1972/1973. Tá an t-ádh linn go deimhin gur féidir linn na carráistí seo a chur ar taispeáint do chuairteoirí i suíomhanna tréimhsiúla oiriúnacha ag Farmleigh, Dún ar Aill agus Garrán Anna."
De réir mar ba thoil leis féin, agus ar son Iontaobhaithe Mhuintir Browne, coimeádfar Leabharlann Garech Browne le chéile mar aonad; déanfaidh OPW cúram agus clárú gairimiúil air le tacaíocht airgid ó na hIontaobhaithe, in leabharlann ar leith ag Farmleigh. Ar chríoch na hoibre sin, beidh na leabhair ar fáil mar acmhainn shaibhir taighde ag scoláirí.
Féadfaidh cuairteoirí chuig Teach Farmleigh léargas a fháil ar shaol Garech Browne san Seomra Darach, atá le hainmiú mar Seomra Garech Browne; anseo beidh taispeántas a chuimsoiedh saothair ealaíne, cuimhneacháin phearsanta agus mhuintir Guinness, grianghraif, troscán agus nithe eile
Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie
Lean muid ar Twitter @opwireland
Aimsigh muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótai
Bhí iliomad ábhar spéise cultúrtha ag Garech Browne. I dteannta lena chara, an cumadóir Seán Ó Riada, ghlac sé páirt lárnach in athbheochan an cheoil traidisiúnta ó na 1950idí ar aghaidh. In 1959, i bpáirt leis an bhfile John Montague, an síceolaí Ivor Browne, agus an ceoltóir Paddy Moloney, bhunaigh sé Céirníní Cladaigh. Mar Chathaoirleach ar Chéirníní Cladaigh, bhí sé freagrach as taifidi filíochta agus ceoil thar bhreis agus seasca bliain. Tá cáil idirnáisiúnta ar chlár Chéirníní Cladaigh mar fhoinse údarásach um réimse ábhar – filíocht 20ú aoise ó Éirinn agus i gcéin, agus, gan amhras ceol dúchais Ghaelach mataon le daoncheol idirnáisiúnta.
Ag Lug an Lá i gCill Mhantáin, ar an eastát taibhsiúil a tháinig mar uacht chuige óna mháthair, bhailigh sé le chéile, de ló agus d’oíche, filí, ealaíontóirí, cláirseoirí, píobairí uilinn, fidiléirí, lucht bodhráin agus feadóige, seanchaíthe, amhránaithe sean-nóis agus slua leathan cairde a bhí ar chomhspéis leis féin maidir le cultúr Gaelach. Bhailigh sé saothair ealaíne le Jack B Yeats, Francis Bacon, Lucian Freud, Louis le Brocquy, Anne Madden, Hughie O’Donoghue, Edward McGuire, Barrie Cooke agus Anthony Palliser.
Tá Teach agus Eastát Farmleigh faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá sé ar oscailt do chuairteoirí gach lá agus féadfar turais threoraithe a dhéanamh ag Teach Farmleigh. Um breis eolais, féach farmleigh.ie