English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Úsdátú ar athoscailt Sceilg Mhichíl ag cuairteoirí tar éis maidhm charraige ar 13 Meitheam

Ón am ar dúnadh an oileán go sealadach ag cuairteoirí ar mhaithe le sláinte an phobail, mar gheall ar mhaidhm charraige an 13 Meitheamh, tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair go dian chun fiosrúcháin agus bearta sábháilteachta a chuir chun cinn chun Sceilg Michíl a athoscailt don phobal chomh lua is gur féidir. Tá sain-fhoirne ar an suíomh chun smionagar a mheas agus ghlanadh agus tá súil againn fáilte ar ais a chuir roimh cuairteoirí ar Satharn 2 Iúil. Ar ndóigh, braitheann an dáta seo ar aimsir.

Cruthaíonn suíomh iargúlta Sceilg Mhichíl san Atlantaigh neart saincheaisteanna mar láithir chuairteoirí, cursaí rochtain ina measc, agus sa 30 bliain ó thosaigh an OPW ag tabhairt cead do dhaoine cuairt a thabhairt ar an oileáin, bhí sábhailteacht an phobal agus ár bhfoirne atá ag obair ar Sceilg Mhichíl mar tosaíocht againn i gcónaí. Aon uair a tharlaíonn maidhm charraige, fiú cinn bheaga, caithfidh ár n-imscrúdaithe bheith cuimsitheach.

Dúirt an tAire le freagracht d’Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D:

“Tá ár bhfoirne, le tacaíocht ó saineolaithe agus comhghlacaithe ó Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ar an suíomh faoi láthair, agus tá chuile céim cuí a dtógáil acu chun cinnte a dhéanamh go mbeidh cuairteoirí in ann filleadh ar an t-oileán chomh lua is gur féidir, agus ag an am céanna tá siad a claí go daingeann le aon dualgas dleathúil agus comhshaoil a bhaineann leis an Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO seo, atá ina thearmann do éanlaithe goir mara ag an am céanna.”

Lean sé leis:

“Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhannaí oidhreachta is íocónach in Éireann, agus tá ról thábhachtach aige san eacnamaíocht turasóireacht áitiúl atá áthas orainn tacaíocht a thabhairt dó thrí seo agus suíomhanna OPW eile sa chontae. Gabhann muid buíochas lenar gcomhphartaithe áitiúla as ucht an cúnamh leanúnach a thugann siad dúinn chun eachtraí gan choinne den tsaghas seo nó drochaimsir a bhainistiú sa timpeallacht dúshlanach seo. Ina dteannta, tá muid ag súil le hathoscailt Sceilg Mhichíl ag tús mí Iúil, ionas gur féidir le cuairteoirí cuairt sábháilte a thabhairt ar an oileáin arís an samhradh seo, chomh maith le seoda eile Chiarraí Theas.”


Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie.