English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

A Life in Paint: Taispeántas an Ealaíontóra Patrick Reel ar oscailt ag Caisleán Bhaile Átha Cliath

Inniu (10 Márta) tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an taispeántas ‘A Life in Paint’ leis an ealaíontóir Patrick Reel a sheoladh ins na Seomraí Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Rugadh Patrick Reel in 1935, agus cuimsíonn a shaol turas cruthaíoch thar thréimhse 60 bliain; léirítear ins an saothar is déanaí uaidh fuinneamh agus díograis leanúnach don mheán seo. Tugtar deis anseo saothar saoil a chur in aithne do lucht féachana nua agus eolas a chur ar chruthaitheacht Patrick Reel. Tá cuid den saothar uaidh le cúig bliana anuas ar an saothar is fearr a dhein sé riamh.

In 1968 bhí Reel páirteach san Irish Exhibition of Living Art taobh le Louis le Brocquy, Mainie Jellett agus ealaíontóirí eile. Bhí taispeántas saothair theibí uaidh san Project Arts Centre in 1973. In 1976, d’oscail sé an Oriel Gallery, in aice lena theach féin ins An Uaimh. Maireann sé inniu mar cheann de na gailearaithe príobháideacha is faide saoil in Éirinn, le tacú mór ón bpobal áitiúil; cuirtear pictiúir os comhair na ndaoine agus sníomhtar ealaín agus ceard an ealaíontóra isteach i saol an phobail áitiúil.

Dúirt Ian Robertson, Ollamh Emeritus Síceolaíochta ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath:

“Leis an mbailiúchán seo tá deis againn plé maidir leis an inchinn agus le cruthaitheacht. Mar chuid den Creative Brain Week i gColáiste na Trionóide táim ag súil go mór le comhrá le Nicholas Johnson, saineolaí Beckett agus comhalta den ghrúpa néaradhaonnachtaí, maidir le héabhlóid cruthaitheachta san inchinn le himeacht aimsire, ar an gCéadaoin seo chugainn anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.”

Tá buanoidhreacht bheo chultúrtha bronnta ar An Uaimh ag Patrick Reel agus a dheirfiúr Esther ón teach acu i Sráid Ludlow ansin. Tugann a ghailearaí féin an deis dó cúram a dhéanamh dá shaothar agus plé go díreach leis an lucht féachana, ach mar gheall air sin níl a oiread aithne air féin agus ar a shaothar seachas dá mbeadh sé ar taispeáint i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste.

D’oibrigh an coimeádaí John O’Hagan le foireann Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus leis an ealaíontóir féin chun clár saothair Reel a thiomsú, chomh maith le grianghraif, litreacha, cartlanna agus cuimhní. Dá thoradh seo, léirítear saothar na mblianta ins na seánraí éagsúla agus tugtar léargas ar na tréithe a imríonn tionchar ar an saothar sin – scil bhreathnaitheach, cumas líníochta, grá dá bhaile dúchais agus don nádúr, mórgacht mhisticiúil thírdhreach cianaosta na Bóinne agus a oidhreacht seandálaíochta. Is iad seo na tréithe a bhogann an saothar chun tosaigh i gcónaí, agus a chuardaíonn bealaí nua chun an chruthaitheacht istigh a scaoileadh amach agus a chur in iúl.

CRÍOCH

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Eolas faoin Taispeántas

Teideal: A Life in Paint: A Retrospective of Patrick Reel

Áit: Na Seomraí Stáit, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Uaireanta: 11 Márta - 1 Lúnasa 2022, ar oscailt gach lá 9:45 go 17:45

Cead Isteach: €3

Suíomh Gréasáin: Dublin Castle