English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ag Ceiliúradh na Cruthaitheachta agus muid ag dul in Aois – Fógraíonn an tAire Moran saorchead isteach do Sheanóirí chuig láithreáin Oifig na nOibreacha Poiblí ar an 23 Bealtaine

  • Clár ilghnéitheach imeachtaí i mí na Bealtaine le linn Fhéile na Bealtaine
  • Tionscnamh i gcomhar le Iompar d'Éirinn (TFI) ina mbeidh saorchead isteach  ag Seanóirí chuig láithreáin Oidhreachta ar líonra na Nasc Áitiúil
  • Déanfaidh Cónaitheoirí tithe altranais turas fíorúil Oidhreachta mar chuid den  scéim phíolótach

Inniu, an 28 Aibreán, d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) clár imeachtaí agus tionscnamh i mí na Bealtaine do Sheanóirí ag láithreáin oidhreachta éagsúla ar fud na tíre le linn Fhéile na Bealtaine – “Ag Ceiliúradh na  nEalaíon agus na Cruthaitheachta agus muid ag dul in Aois” . Beidh réimse imeachtaí ilghnéitheacha spreagúla ar siúl; ar nós,  léirithe ceoil agus imeachtaí ar nós ióga agus grúpaí líníochta.  

Ar an Aoine 23 Bealtaine, beidh saorchead isteach do sheanóirí chuig gach láithreán oidhreachta ina n-íoctar táillí*. Is é an aidhm atá  ag an tionscnamh seo ná seanóirí go léir a spreagadh chun dul amach agus breathnú ar a n-oidhreacht chultúrtha agus taitneamh a bhaint as an eispéireas do chuairteoirí atá  an-tarraingteach agus  atá coimeádaithe go cúramach ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ag labhairt dó ag seoladh an chláir, dúirt Kevin “Boxer” Moran, an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tá an-áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí comhoibriú le Aostacht agus Deiseanna (Age and Opportunity) ar an tionscnamh seo. Is iontach an rud é an réimse leathan imeachtaí atá ar fáil ag ár láithreáin a fheiceáil chun tacú le féile na Bealtaine.

Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí ag tairiscint saorchead isteach do sheanóirí chuig láithreáin Oidhreachta ar an Aoine 23 Bealtaine. Tá súil againn go mbainfidh cuairteoirí lántairbhe as an réimse imeachtaí cruthaitheacha, tarraingteacha agus samhlaíocha a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine.

"Tá an t-ádh linn go bhfuil caisleáin, séadchomharthaí agus réadmhaoin stairiúla iontacha againn ar fud na tíre. Oibrímid go dian chun iad a chaomhnú agus a chosaint agus chun iad a chur i láthair an phobail. Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil láithreáin éagsúla réigiúnacha, ar nós, Mainistir Shligigh, Daingean Rinn Chorráin agus Caisleán Dhún na nGall ag cur imeachtaí iontacha ar fáil dár Seanóirí.’’

Celebrating Creativity

I gCaisleán Parke i gCo Liatroma,  tá sé beartaithe seisiún séimh Ióga Cathaoireach i dtimpeallacht shuaimhneach a chur ar fáil, agus beidh seisiún amhránaíochta spleodrach leis an ngrúpa The Cloister Boys ar siúl i Mainistir Shligigh chomh maith le turais a bheidh feiliúnach do dhaoine le leibhéil éagsúla soghluaisteachta.

Beidh roinnt turas treoraithe ar fáil i gCaisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath i rith mhí na Bealtaine. Ina theannta sin, beidh turais threoraithe ar ghairdíní stairiúla agus ar Chonair Stairiúil na nDealbh ar siúl i gCúirt Ioma, Co. Laoise, a osclaíodh le déanaí.

Beidh maidin líníochta á reáchtáil i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath agus tá ceardlann bláthanna á reáchtáil in Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch ina mbeidh an grúpa scoir gníomhach áitiúil páirteach. Beidh cur i láthair ealaíne i gcomhar le grúpaí áitiúla ar siúl i nGleann Dá Loch chomh maith.

Beidh turas speisialta saor in aisce ar siúl ag Daingean Míleata Rinn Chorráin, Co. Chorcaí agus inseoidh treoraithe scéalta faoin saol in Arm na Breataine le linn an turais. Beidh turas treoraithe speisialta ar siúl ag Teach Farmleigh a thabharfaidh na rannpháirtithe ar thuras staire ón ochtú haois déag go dtí an lá atá inniu ann.

Reáchtálfaidh Caisleán Dhún na nGall ócáid ​​le grúpaí scoir gníomhacha áitiúla agus beidh sraith ceardlann ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ina measc, Ceardlanna Bláthanna Origami agus Ceardlann Ionchuimsitheach de chuid Azure Dementia. Chomh maith leis sin, cuirfear turais threoraithe saor in aisce ar fáil i gCloigtheach Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath ar dhátaí áirithe.

Dúirt an Dr Tara Byrne, Bainisteoir Chlár Ealaíon fhéile na Bealtaine:

“Agus muid ag comóradh 30 bliain d’fhéile na Bealtaine, tá an-áthas orainn comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí sa tionscnamh seo ionas go mbeidh níos mó daoine atá níos sine ábalta cuairt a thabhairt ar láithreáin thábhachtacha chultúrtha agus rochtain a fháil ar eispéiris chruthaitheacha ar fud na tíre.

Tá súil againn go bhfaighidh na daoine a thugann cuairt ar na láithreáin taithí ar spiorad spraíúil na Bealtaine chomh maith leis an gcumas atá ionainn go léir agus muid ag dul in aois’’

Beidh clár píolótach á reáchtáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí ag Áras Naomh Attracta, Baile Chathail, Co. Mhaigh Eo, chun aitheantas a thabhairt do Lá Náisiúnta na nEalaíon i dTithe Altranais. Beidh deis ag rannpháirtithe ó St Attracta’s fearais réaltachta fhíorúla a chaitheamh chun páirt a ghlacadh i dturas fíorúil ar láithreán oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí agus iad ina suí ina gcathaoir uilleach féin.

Chomh maith le clár na n-imeachtaí, seolfar scéim ‘Naisc Áitiúla leis an Stair’ i gcomhar le hIompar d’Éirinn (TFI). Beidh saorchead isteach ag seanóirí chuig 11 láithreán de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar líonra na Nasc Áitiúil nuair a thaispeánann siad a dticéad nó pas taistil Local Link.

Chun breis eolais a fháil ar chlár imeachtaí fhéile na Bealtaine, féach ar: https://heritageireland.ie/whats-on/bealtaine/ nó bealtaine.ie

Níl Príosún Chill Mhaighneann agus Bru na Boinne ar an liosta láithreán a bheidh páirteach sa tionscnamh saorchead isteach Dé hAoine 23 Bealtaine, de bharr srianta ar shluaite.

Nótaí

Is ag seanóirí amháin a bheidh saorchead isteach chuig láithreáin ar an Aoine 23 Bealtaine, agus ní bhaineann an tairiscint le baill de ghrúpa tionlacain nach seanóirí iad.

Saorchead isteach chuig gach láthair ina n-íoctar táillí seachas Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Tá liosta iomlán de láithreacha Oidhreachta OPW ar fáil ar heritageireland.ie

Is iad seo a leanas na 11 láithreán atá san áireamh i dtionscnamh Nasc Áitiúil Iompar d’Éirinn. Beidh an tairiscint seo ar fáil idir 1-31 Bealtaine 2025. Tabharfar saorchead isteach chuig láithreáin oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí ina n-íoctar táillí nuair a thaispeántar pas taistil bailí nó ticéad Nasc Áitiúil TFI.

  • Láthair Mhainistreach agus Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch
  • Caisleán Dhún na nGall
  • Caisleán Parke
  • Ionad an Bhlascaoid
  • Mainistir na hInse
  • Daingean Míleata Rinn Chorráin
  • Láithreán Mainistreach Chluain Mhic Nóis
  • Ionad Cuairteoirí Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid
  • Caisleán agus Gairdíní Phort Omna
  • Mainistir Shligigh
  • Caisleán Chill Chainnigh

Beidh urlabhraí de chuid OPW ar fáil d’agallaimh má iarrtar a leithéid. Déan teagmháil le pressoffice@opw.ie chun breis eolais a fháil agus agallamh a shocrú.