Aimsítear snoíte suntasacha ar Liagchiorcal na Gráinsí ag Loch Guir, Co. Luimnigh
- Foilsithe: 23 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar an gCéadaoin 17 Lúnasa aimsíodh snoíte ar cheann de na clocha ag Liagchiorcal na Gráinsí, Loch Guir, Co. Luimingh. Ba é Ken Williams, grianghrafadóir clúiteach seandálaíochta a d’aimsigh iad. Tá modhanna speisialta ceaptha aige chun clocha a shoilsiú ar bhealach a léiríonn na snoíte orthu agus le himeacht aimsire tá snoíte nua–aimsithe tugtha chun solais aige ar an gcuma seo.

Tá na snoíte nua-aimsithe seo thar a bheith mórthaibhseach; tá ciorcail agus stuanna comhlárnacha ar chúl agus ar thaobhanna na ceathrú cloiche ar an dtaobh thuaidh den phasáiste isteach – Cloch 9 ar léaráidí foilsithe an ionaid.
Dúirt an Dr. Elizabeth Shee Twohig faoin aimsiú seo go bhfuil:
“na snoíte cosúil leo san ag Cnómha agus An Ghráinseach Nua (Brú na Bóinne), ach nach bhfuil ach an t-aon chloch amháin den chineál seo sa Mhumhan nó i gConnacht. D’fhéadfadh go mbaineann an chloch seo leis an dtréimhse thart faoi 3000 BC agus gur tógadh an ciorcal taobh istigh den imfhálú beagán níos déanaí ná sin”.
Dúirt an tAire Noonan gur
“suíomh é seo ina bhfuil spéis ag muintir na háite agus ag cuairteoirí le blianta fada anuas. Léirítear inniu gur féidir leis na séadchomharthaí náisiúnta ionadh a chur orainn i gcónaí”.
Dúirt an tAire O’Donovan, a bhfuil ceangal fada aige le Loch Guir:
“Is aimsiú fíorspéisiúil é seo agus táim ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar an láthair go luath chun na snoíte spéisiúla seo a fheiceáil. Gabhaim buíochas le Ken Williams as Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chur ar an eolas faoin aimsiú seo, rud a chinntíonn go ndéanfar é a thaifeadadh go cuí. Molaim do dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an Roinn agus le OPW sa chás go dtagann siad ar aon rud neamhchoitianta mar seo; ar an gcaoi seo féadfaidh gach duine cuidiú chun ár n-oidhreacht a chosaint agus a chaomhnú”.
Tá sé ar intinn ag Ken Williams grianghraif de na snoíte a fhoilsiú i bpáipéar acadúil, ag cur síos ar an ealaíon agus ar shamplaí cosúla in áiteanna eile.
Nótaí
Bunaíodh Tionscnamh Loch Guir in 1969 agus cuireadh bonn oifigiúil leis in 1993 chun stair, seandálaíocht, béaloideas agus timpeallacht an cheantair mórthimpeall a chothú, a chaomhnú agus a chosaint.
Cuimsíonn Liagchiorcal na Gráinsí fáinne leanúnach gallán suas le 2.8m ar airde, le trastomhas 45m agus múr cré 9m ar leithead agus thart faoi 1.2m ar airde ag tacú leis. Is é an liagchiorcal gallán is mó in Éirinn, 150 troigh trastomhais agus 113 gallán á imfhálú. Is é Rannach Chruim Duibh an gallán is mó - 13 troigh ar airde agus meáchan 40 tonna ann.