Aimsigh Doire Fhíonáin: Imeachtaí, Cainteanna agus Turais Saor in Aisce do Chách ag Féile Teaghlaigh Dhoire Fhíonáin (14 - 16 Meitheamh 2024)
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go bhfuil an fhéile deireadh seachtaine ‘Aimsigh Doire Fhíonáin’ ar ais. Le linn na féile seo léireofar an oidhreacht shaibhir nádúrtha agus cultúrtha a bhaineann le Páirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin agus le ceantar Chiarraí Theas. Arna eagrú agus arna mhaoiniú ag OPW, beidh clár iomlán do chách – imeachtaí, siúlóidí, cainteanna agus turais – saor in aisce.
Dúirt Kieran O’Donnell TD, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
>“Tá áthas mór orm a fhógairt go bhfuil an fhéile theaghlaigh ‘Aimsigh Doire Fhíonáin’ ar ais. Tá ábhar spéise do chách sa chlár iomlán – cainteanna faisnéise, siúlóidí, griangrafadóireacht, ceol agus ióga. Tá iliomad deiseanna an timpeallacht nádúrtha agus mara a chuardach agus páirt a ghlacadh in imeachtaí den scoth. Tugann an fhéile deis iontach dúinn tírdhreach taibhsiúil agus cultúr Dhoire Fhíonáin a fhiosrú. Cén fáth nach dtiocfá aniar anseo chun Doire Fhíonáin a chuardach agus sult a bhaint as gach a bhfuil á thairiscint le linn na féile?”
Is de bhunadh an cheantair áitiúil cuid mhór de na daoine atá i mbun imeachtaí an deireadh seachtaine. Féadfaidh an lucht freastail taitneamh a bhaint as réimse leathan ábhar – saol mara, fiadhúlra, ceirdeanna, griangrafadóireacht, ióga, siúlóidí oidhreachta agus turais. I measc na n-imeachtaí beidh Siúlóidí Mara le Vincent Hyland, Tumadh Foraoise agus Ióga Luí Gréine le Louise Weinzweig agus Ceardlanna Griangrafadóireachta le Patrick Kavanagh. Um liosta iomlán imeachtaí féach brochure
Bí linn ag ‘Aimsigh Doire Fhíonáin’ ón Aoine 14 Meitheamh go dtí an Domhnach 16 Meitheamh chun oidhreacht Dhoire Fhíonáin a cheiliúradh agus eolas chur ar gach a bhfuil ar fáil san áit álainn seo.
Is cuid de Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin anois an chuid is mó den diméin a bhí tráth i seilbh Dhónaill Uí Chonaill. Tá an Pháirc faoi chúram Seirbhísí Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Cuimsíonn sé 120 heicteár (300 acra) ina bhfuil gairdíní iontacha, cósta agus tránna, coillearnach nádúrtha dara agus láithreacha seandálaíochta.
Más mian leat labhairt le hurlabhraí ainmnithe faoin ócáid, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
NÓTAÍ
Aimsigh Doire Fhíonáin: tá gach eolas faoi na himeachtaí saor in aisce – siúlóidí treoraithe, ceardlanna, imeachtaí teaghlaigh, etc – ar fáil ag Discover Derrynane 2024
Teach Dhoire Fhíonáin agus an Pháirc Náisiúnta Stairiúil
Tá Teach Dhoire Fhíonáin suite 3.5km ó Chathair Dónall, Co. Chiarraí. Is anseo a bhí teach sinsearach Dhónaill Uí Chonaill, atá anois mar mhúsaem tiomnaithe dá shaol agus dá shaothar. Tháinig Doire Fhíonáin i seilbh an Stáit sa bhliain 1964; tá an chuid is mó den diméin ársa mar chuid de Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, thart faoi 120 heicteár (300 acra) atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.
I bPáirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá 1.5km de chósta le dumhcha agus tránna, trá le Bratach Ghorm ina measc. Tá raidhse conair sna tailte fearann, ina measc cuid de Shlí Chiarraí, Cosán Aifrinn agus conair nádúir cois mara.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag heritageireland.ie