English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athrú Aeráide agus Oiriúnú: Labhraíonn an tAire O'Donovan ag an Chomhdháil Náisiúnta Hidreolaíochta i mBaile Átha Luain

Inniu (15 Samhain 2022) osclóidh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., an 23ú Chomhdháil Náisiúnta Hidreolaíochta i mBaile Átha Luain. Ócáid bhliantúil í seo, a eagraíonn Comhchoistí Náisiúnta Éireann de Chlár Idirnáisiúnta Hidreolaíochta UNESCO agus an Coimisiún Idirnáisiúnta ar Uisciú agus Draenáil. Is í seo an phríomhchomhdháil in Éirinn maidir le Hidreolaíocht, áit ar féidir leis an lucht tinrimh forbairtí polasaí, torthaí taighde agus réitigh praiticiúla ar cheisteanna innealtóireachta hidreolaíochta a roinnt lena chéile.

I mbliana, réitíonn téama na comhdhála - ‘Athrú Aeráide agus Oiriúnú’ – go dlúth le cuspóirí COP27, atá fós ar siúl i Sharm El Sheikh le linn na seachtaine seo. Tugtar aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le díonacht a chruthú agus oiriúnú maidir le tionchair dhosheachanta ón athrú aeráide. Sa chomhdháil inniu léireofar an eolaíocht atá in úsáid chun tionchair ón athrú aeráide in Éirinn a thomhas. Tá an bonn eolais seo riachtanach maidir le cur chuige dírithe soiléir um oiriúnú aeráide sna blianta romhainn. Pléann an chomhdháil freisin le réimsí téamaí tábhachtacha – hidreolaíocht comhshaoil, cianbhraiteacht, cáilíocht uisce feasta, bainistiú priacal tuile agus monatóireacht aeráide.

Ag caint dó le lucht na comhdhála, tabharfaidh an tAire O’Donovan forbhreathnú ar ról ceannasach Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le Bainistiú Priacal Tuile agus an obair atá beartaithe feasta maidir le hathrú cósta agus oiriúnú aeráide.

Déarfaidh an tAire O’Donovan:

“Tá ról lárnach ag an chomhdháil seo mar fhóram chun taighde hidreolaíochta a chur i láthair agus mar fhoinse eolais dóibh siúd gur mian leo eolas faoin hidreolaíocht in Éirinn agus thar lear a chur chun cinn. Toisc gur náisiún oileánach sinn, tá sé fíor-riachtanach dúinn tuiscint iomlán a fháil ar conas a oibríonn abhantracha Éireann agus an hidreolaíocht iontu atá casta uaireanta.”

“Beidh gá le saineolas OPW chun scéimeanna cosanta tuilte den scoth a chur i gcrích, oiriúnú um athrú aeráide, teicnící um meastachán tuilte, réamhaisnéis tuilte, athchóiriú abhann agus bearta um choinneáil nádúrtha tuilte. Tá an eagraíocht againne tiomanta um chomhoibriú go dlúth lenár bpáirtithe – an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Met Éireann, Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, Iascaigh Intíre Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra, i measc dreamanna eile – chun tionscadail lárnacha a chur i gcrích mar fhreagra ar phriacal tuile in Éirinn agus cosaint a sholáthar do dhaoine, tithe cónaithe, gnóthais agus pobail.”

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitte @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn@Office of Public Works


Nótaí

Is samplaí iad seo a leanas ar shaothar OPW um fhreagairt ar phriacal tuile in Éirinn:

  • Ba é an Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) an staidéar ba mhó riamh ar an bpriacal tuile againn de dheasca ócáidí suntasacha tuile. Uaidh sin a tháinig 29 bPlean um Bainistiú Priacal Tuile a bhí mar bhonn eolais ag an Rialtas thart faoi 150 scéim fhaoisimh tuile a chur chun cinn, atá á maoiniú faoi Phlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais suas chuig 2030 le hinfheistíocht €1.3bn. Léiríonn sé seo spreagadh an Rialtais chun daoine, maoine, gnóthais agus pobail a chosaint ar phriacal tuile.
  • Ó 2009 anuas, tá maoiniú breis agus €57m faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Cosaint Chósta ag cosaint 7,600 maoin thar 873 tionscadal. Tá an chuid is mó díobh seo lasmuigh de na ceantair staidéir MBPTA. Is foinse luachmhar an scéim seo mar mhaoiniú ag údaráis áitiúla aghaidh a thabhairt ar cheisteanna áitiúla tuile.
  • Tá OPW ag cathaoirliú an Ghrúpa Idir-rannach ar Straitéis Náisiúnta um Bainistiú ar Athrú Cósta, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirfidh an Grúpa seo roghanna agus moltaí faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana seo.
  • Faoin chéad chéim den phlean chun Seirbhís Náisiúnta um Réamhaisnéis agus Rabhadh Tuile a bhunú, críochnaíodh an leagan réamhoibríochta den chóras náisiúnta réamhaisnéis tuile ag deireadh 2021. Le linn 2022 rinneadh tástáil agus feabhsú ar an chóras seo agus leanfar leis an obair sin sna blianta atá romhainn.
  • D’ullmhaigh OPW Plean Earnála um Oiriúnú don Athrú Aeráide maidir le Bainistiú Priacal Tuile don tréimhse 2019 – 2024, a d’fhaomhaigh an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2019. Leagtar amach sa Phlean Earnála um Oiriúnú maidir le bainistiú priacal tuile cuspóir fadtéarmach um pobail inbhuanaithe a chothú agus tacú leis an gcomhshaol trí bhainistiú éifeachtach ar thionchair dhóchúla athrú aeráide ar thuiliú agus ar phriacal tuile. Ceaptar gach scéim nua cosanta tuile um aird a thabhairt ar athrú aeráide agus tá athchóiriú ar scéimeanna atá ann cheana á phleanáil.
  • Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar chuid de na bearta atá leagtha amach sa Phlean a fheidhmiú, mar shampla:

-Foilsíodh mapaí ar réimsí tuile amach anseo de dheasca athrú aeráide ar an suíomh gréasán - floodinfo.ie;

-Tá maoiniú á sholáthar ag OPW don Oifig Réigiúin um Ghníomhú Aeráide (Thoir & Láir) chun taighde a dhéanamh maidir le tionchair dhóchúla ó athrú ar phatrúin bháistí ar chineálacha éagsúla abhantraí sna réigiúin éagsúla;

-Tá measúnú tosaithe um oiriúnú ar scéimeanna faoisimh tuile atá á ndearadh faoi láthair agus atá críochnaithe cheana féin; tá an tuarascáil deiridh le foilsiú roimh dheireadh na bliana.

-Tá measúnaithe ar bun maidir le hoiriúnú ar scéimeanna atá críochnaithe nó atá faoi dhearadh i láthair na huaire.

  • Maidir le scéimeanna amach anseo a dhearadh, is gá breathnú agus pleanáil um riachtanais oiriúnaithe.

Tá gach eolas maidir le Scéimeanna Cosanta Tuilte agus maoiniú a deonaíodh chuig údaráis áitiúla faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta ar fáil ar www.floodinfo.ie faoi Acmhainní.