Bí linn ag Imeachtaí Taibhsiúla Oíche Shamhna a bheidh ag tarlú ag Suímh OOP ar fud na tíre
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is breá le hOifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a fhógairt go mbeidh sraith imeachtaí spreagúla scanrúla ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Ó thurais taibhsiúla go comórtais maisithe puimpcíní, tá go leor imeachtaí Oíche Shamhna ar siúl a chuirfidh drithlíní fuachta le do dhroim.
I gCaisleán Bhaile Átha Cliath, is féidir leat scaoileadh le do chumais chruthaitheachta ag an ‘gCeardlann chun Masc Blaoisce a Dhéanamh’ nó tumadh isteach i stair dhorcha Bhaile Átha Cliath sna Meánaoiseanna Galracha ar Shainturas Staire. Ná caill an deis do ‘Mhascanna d'Ialtóga Victeoiriacha’ nó ‘Colláisí Marbhánta do Dhaoine ar a gCéadligean' a dhéanamh ag na ceardlanna speisialta seo.
Dúirt John Conlon, Cathaoirleach Oifig na nOibreacha Poiblí,
‘Is iontach an rud é rogha imeachtaí chomh héagsúil sin a fheiceáil ag suímh de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre. Gheobhaidh teaghlaigh go leor rudaí le gliondar a chur ar a gcroíthe sna seachtainí amach romhainn -- ceardlanna, turais agus gníomhaíochtaí spraíúla eile. Tá rud éigin ann don uile dhuine, idir óg agus aosta’.
Ag Gairdíní na Lus, Glas Naíon, beidh seans ag cuairteoirí dul isteach i gcomórtas ‘Maisigh do Phuimpcín’ agus dul ar thuras ar an téama ‘Gríosach na Samhna’. Idir an dá linn, déanfar tearmann lán taibhsí de Chaisleán Achadh na nIúr le haghaidh ceiliúradh Oíche Shamhna, agus beidh Scéala Taibhsiúla Oíche Shamhna le cloisteáil ag Caisleán Parke's. Dóibh siúd atá ag lorg eispéireas scanrúil, gheofar cuireadh i nDaingean Rinn Chorráin dul ar an 'gCosán Déistineach' agus ag Carraig Phádraig, tig leo siúd a bhfuil an spiorad iontu dul ar turas trí reilig.

Cibé an gcuireann tú spéis sa stair nó an fearr leat sásamh na sceitimíní, beidh rud éigin don uile dhuine ag na himeachtaí iontacha Oíche Shamhna seo ag suímh OOP ar fud na tíre. Gheofar breis eolais agus liosta imeachtaí ag na naisc thíos nó ag www.heritageireland.ie www.heritageireland.ie
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí féach na naisc thíos:
Gairdín Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
Comórtas na nGlasraí Maisithe - link
Oíche Shamhna i nGlas Naíon - link
Taispeántas Fómhair - link
Taispeántas na bPlandaí Draíochta - link
Turas Téamach: Grioscach na Samhna – link
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Colláisí Marbhánta do Dhaoine ar a gCéadligean - link
Ceardlann Masc Blaoisce – link
Turas Staire Speisialaithe – Baile Átha Cliath sna Meánaoiseanna Galracha – link
Mascanna d'Ialtóga Victeoiriacha – link
Caisleán Achadh na nIúr, Co. na Gaillimhe
Oíche Shamhna ag Caisleán Achadh na nIúr – link
Caisleán Parke's, Co. Liath Druim
Scéala Taibhsiúla Oíche Shamhna - link
Daingean Rinn Chorráin, Co. Corcaigh
Cosán Déistineach - link
Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann
Oíche Shamhna ag Carraig Phádraig - link