Biennale Gloine na hÉireann 2023
- Foilsithe: 27 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 19 Iúil 2023
Sheol an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí inniu (27 Aibreán) Biennale Gloine na hÉireann 2023; taispeántas saothair ó chuid de na healaíontóirí gloine, dearthóirí agus cleachtóirí ceardaíochta is nuálaí ar domhan. Beidh taispeántas Biennale Gloine na hÉireann ar taispeáint i nDánlann an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath ó 28 Aibreán go 20 Lúnasa 2023. Trí fheabhas an chleachtais ghloine chomhaimseartha a thaispeáint, tá sé mar aidhm ag Biennale Gloine na hÉireann (IGB) tuiscint an phobail ar acmhainneacht chruthaitheach gloine a chur chun cinn agus feidhmiú mar chatalaíoch le haghaidh gníomhaíochtaí cultúrtha a dhíríonn ar ghloine.

Ar na cleachtóirí gloine ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh, ón Meánoirthear agus ón Áis i measc na ndaoine a roghnaíonn an painéal idirnáisiúnta giúróirí, a dtugann gach duine acu saineolas ina réimsí faoi seach de choimeád, cleachtas agus oideachas gloine, tá Kim Mawhinney, Coimeádaí Sinsearach Ealaíne ag Iarsmalanna Náisiúnta Thuaisceart Éireann; Katya Heller, Stiúrthóir Dhánlann Heller, Nua Eabhrac; Zhang Lin, Bunaitheoir, Stiúrthóir agus Uachtarán Músaem Gloine Shanghai agus Karen Donnellan, ealaíontóir, agus oideachasóir. Is í an Dr Caroline Madden ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath, coimeádaí an taispeántais.
Tá IGB cómhaoinithe ag an NCAD agus ag Eoraip Chruthaitheach mar chuid de thionscadal Eoraip Chruthaitheach: Líonra Gloine Inbhuanaithe na hEorpa a Shamhlú (ISGNE). Cuimsíonn an tionscadal seo atá maoinithe ag an Aontas Eorpach ceithre chomhpháirtí sa RA, sa Ghearmáin, sa Laitvia agus in Éirinn, agus téann sé i dteagmháil le 33 eagraíocht ghaolmhara i naoi dtír Eorpacha déag. Tá tús curtha ag an tionscadal uaillmhianach cúig bliana seo le sceideal dinimiciúil d’imeachtaí cultúrtha, ceardlanna, taispeántais agus foilseacháin bunaithe ar ghloine agus a féidearthachtaí gan teora i gcomhthéacs na gcultúr soláimhsithe, an dearaidh, na n-amharcealaíon agus na n-ealaíon feidhmeach.
Beidh IGB 2023 ar taispeáint i nDánlann Theach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 28 Aibreán–20 Lúnasa 2023, 10am–5pm gach lá. Dúnta don lón 13:15-13:45. Saorchead isteach.

Scaipfear grianghraif ón lainseáíl ar na meáin tar éis na n-imeachtaí nó beidh siad ar fáil ó Naoise Culhane Photography naoise@naoiseculhane.com or pressoffice@opw.ie.
Nótaí
EOLAS FAOI LIOSTÁLACHA
- Taispeántas: Biennale Gloine na hÉireann 2023
- Suíomh: Dánlann Theach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Sráid an Chaisleáin, BÁC 1.
- Dátaí: 28 Aibreán – 20 Lúnasa 2023
- Amanna: Ar oscailt gach lá ó 10.00 -17.00 (dúnta don ló 13:15 – 13:45)
- Cead isteach: Saor in aisce
PREASTURAIS: scríobh chuig ireland_glass_biennale@staff.ncad.ie.
ÍOMHÁNNA Íomhánna ardtaifeacha ó ireland_glass_biennale@staff.ncad.ie.