Buaileann an tAire O’Donovan le craobhiomaitheoirí i gComórtas Grianghrafadóireachta RTÉ Eye on Nature ag Garraithe Náisiúnta na Lus
- Foilsithe: 27 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 31 Bealtaine 2022
Inniu, bhuail an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, leis an 12 craobhiomaitheoir a roghnaíodh as breis agus 3,000 iarratas a fuarthas sa chomórtas. Ba é Stiúrthóir Gharraithe Náisiúnta na Lus, Matthew Jebb (OPW), a bhí ar dhuine den triúr moltóir, a chuir fáilte roimhan Aire.

Labhair an tAire O’Donovan le gach duine de na grianghrafadóirí agus mhol sé a gcuid saothair. Dúirt sé:
“Léiríonn gach ceann de na grianghraif seo cuisle na beatha nádúrtha féin agus ligtear dúinn radharc neamhchoitianta gar-amhairc a fháil ar chréatúir bheaga is mhóra araon ina ngnáthóga nádúrtha féin. Tugann na grianghraif sainléiriú ar na hainmhithe féin agus is dóigh liom go raibh cumas teicniúil agus foighne araon i gceist chun grianghraif chomh foirfe seo a ghlacadh.
Táim cinnte go bhfuil sé fíordheacair do na moltóirí buaiteoir a roghnú as na grianghraif iontacha a seoladh isteach sa chomórtas. Mholfainn do gach duine a bhfuil suim acu sa ghrianghrafadóireacht agus sa bhfiadhúlra teacht agus na pictiúir seo a fheiceáil, anseo i nGarraithe Náisiúnta na Lus ag Glas Naíon nó chuig na láithreacha oidhreachta eile OPW ina mbeidh siad ar taispeáint ins na míonna atá romhainn amach.”
Is í seo an dara bhliain ina bhfuil Eye on Nature ar taispeáint ag Garraithe Náisiúnta na Lus, comhpháirtíocht idir RTÉ agus Oifig na nOibreacha Poiblí.Is iad na moltóirí eile ná Anne Sommerfield, a bhfuil gradaim scannán buaite aici agus Mike Brown, grianghrafadóir fiadhúlra. Gheobhaidh an buaiteoir €1000 agus gradam a bhronnfaidh Derek Mooney (RTÉ) agus Matthew Jebb (OPW).
Beidh íomhánna na gcraobhiomaitheoirí ar taispeáint i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ó 6 Meitheamh, áit a mbeidh an Chomhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta ar siúl ar 8/9 Meitheamh. Beidh íomhánna 2022 agus 2021 ar taispeáint ansin lasmuigh den Chlólann. Ansin, rachaidh an taispeántas go Caisleán Phort Omna níos déanaí sa mhí agus uaidh sin go Caisleán Bhaile Átha an Rí.
Féadfar na craobhiomaitheoirí, chomh maith leis na híomhánna atá ar taispeáint i nGarraithe Náisiúnta na Lus, a fheiceáil ar Today ar RTÉ One ó 3.30pm. Fógrófar buaiteoir an chomórtais beo tar éis 5pm.
CRÍOCH
Tá grianghraif ar fáil ó Photocall Ireland [info@photocallireland.com]. Um breis eolais, déan teagmháil le [pressoffice@opw.ie]
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá tuilleadh eolais maidir le Eye on Nature ar fáil ag Gallery - RTÉ's Eye On Nature.