English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cúirt agus Tailte Fearann Ioma ar oscailt le haghaidh séasúir 2022 Seolann an tAire O’Donovan Áiseanna Nua do Chuairteoirí

Inniu (21 Bealtaine), seolann an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan T.D., áiseanna nua do chuairteoirí ag Cúirt agus Tailte Fearann Ioma. Beidh ról lárnach ag na háiseanna nua seo maidir le taitneamh cuairteoirí ar mhórócáidí traghlaigh ar nós SHINE agus imeachtaí cultúrtha eile ón séasúr seo ar aghaidh.

Tá infheistíocht suntasach déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ag Cúirt Ioma, de chuspóir an sampla taibhsiúil seo d’ailtireacht nuachlasaiceach James Gandon a chur i láthair turasóirí dúchais agus iasachta araon. Cuimsíonn an obair atá déanta mol nua do chuairteoirí, láthair picnic, carrchlós nua, feabhas ar na cosáin agus ar an loch, agus Garraí Daingean nuachóirithe.

Mar gheall ar na háiseanna nua seo, féádfaidh OPW clár tarraingteach imeachtaí a sholáthar do chuairteoirí agus don phobal áitiúil araon le linn an tsamhraidh. Chomh maith leis na comórtais lúthchleasa inniu, beidh imeachtaí drámaíochta, ceoil agus ealaíne in áiteanna éágsúla ar fud an eastáit ar feadh an tsamhraidh.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Is céim mhór chun tosaigh maidir leis an áit speisialta seo a chaomhnú agus a neartú go bhfuil na háiseanna nua i dtailte Chúirt Ioma críochnaithe agus ar oscailt. Is léiriú é an dul chun cinn seo conas a théann infheistíochtaí straitéiseacha atá déanta againn chun sochair don phobal áitiúil agus do lucht gnó sa cheantar. Tháinig daoine as gach cearn den tír anseo inniu chuig na comórtais lúthchleasa a d’eagraigh Club CLG Ioma agus Cumann Tráchtála Laoise, tá deis ag gnóthais áitiúla táirgí agus seirbhísí a thaispeáint, agus tá idir óg is aosta ag baint spraoi as gach atá ar fáil anseo ag Cúirt agus Tailte Fearann Ioma. Ar ndóigh, leanann an obair ar aghaidh; sa chéad chéim eile déanfar an díon a nuachóiriú. Níl ach tús curtha leis an obair seo, céim thábhachtach eile chun an teach stairiúil seo a chaomhnú do na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh.”

CRÍOCH

Beidh grianghraif ón seoladh ar fáil ó Maxwell Photography office@maxwellphotography.ie.

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Teach nuachlasaiceach is ea Cúirt Ioma, suite imeasc Sléibhte Bladhma. Ba é an t-ailtire clúiteach James Gandon, a dhearaigh Teach an Chustaim agus Na Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath, a thosaigh ag obair ar Chúirt Ioma in 1790. Ach níor críochnaiodh an foirgneamh seo go dtí thart faoi 1860. Bhí iarlaí Chúil an tSúdaire i seilbh an eastáit le fada ach b’éigean dóibh Eire a thréigint le linn Chogadh na Saoirse. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin bhog na hIosánaigh isteach; is anseo a hoileadh thart faoi 500 sagart den ord i gcaitheamh na mblianta.

Ins na 1960idí ghlac an Maor Cholmeley-Harrison seilbh ar Chúirt Ioma agus dhein sé athchóiriú iomlán air. D’oscail sé na garraithe agus na tailte fearann don phobal agus in 1994 bhronn sé an t-eastát iomlán ar mhuintir na hÉireann. Faoi láthair tá nuachóiriú cúramach saineolach ar an teach ar bun ag OPW agus beidh taispeántais nua le cuardach ann amach anseo.

Eolas ar Imeachtaí

Taispeántas: Ellie Dunne: Taispeántas Ealaíne Teibí

Áit: Seomraí Tae CaToCa, Cúirt Ioma

Dátaí: 4 Aibreán go 29 Bealtaine 2022

Amanna: Gach lá (10am go 6pm)

Cead Isteach: Saor in Aisce

Website: www.elliedunneart.com

Dráma: Chapterhouse Theatre Company - Pride and Prejudice

Áit: An Garraí Daingean ag Cúirt Ioma

Dáta/Am: 17 Meitheamh 2022 ag 7 pm

Cead Isteach: Duine Fásta €22, Leanbh €14, Teaghlach (2 Fásta & 2 Leanbh) €64

Ticéid: https://www.seetickets.com

Ceolchoirm: Chapterhouse Theatre Company - 21st ABBA Concert

Áit: An Garraí Daingean ag Cúirt Ioma

Dáta/Am: 26 Meitheamh 2022 ag 7 pm

Cead Isteach: Duine Fásta €30, Leanbh €20, Teaghlach (2 Fásta & 2 Leanbh) €90

Ticéid: https://www.seetickets.com