CITIZENS?: Taispeántas ealaíne le Belinda Loftus agus Manar Al Shouha ag cuardach téamaí saorántachta, féiniúlachta agus mothú dúchais
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn Caisleán Ráth Fhearnáin agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) CITIZENS?, taispeántas ealaíne le Belinda Loftus agus Manar Al Shouha.
Is taispeántas ealaíne agus suiteán é seo a phléann na deacrachtaí atá ag daoine faoi choimhlint agus imirce éigeantach; cuardaítear ceisteanna maidir le cén áit is dúchas dúinn agus cad is brí leis an téarma ‘áit dúchais’.
Osclóidh Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíona, an taispeántas ar an Déardaoin, 8 Meán Fómhair, agus beidh sé ar oscailt go dtí 23 Deireadh Fómhair 2022 ag Caisleán Ráth Fhearnáin.
Is de bhunadh Adam Loftus í Belinda Loftus – ba é siúd a thionscnaigh Caisleán Ráth Fhearnáin ins na 1580idí. Chaith sí tús a saoil i Sasana agus thugadh sí cuairt ar Éirinn go minic. Saoránach Breataineach agus Éireannach í agus bhog sí go Tuaisceart Éireann in 1975. Bhí saothar uaithi ar taispeáint ag Documenta in 1977 agus san taispeántas Art for Society ag Músaem Uladh in 1978. D’oibrigh sí ansin mar thaighdeoir, coimeádaí, riarthóir agus comhairleoir físealaíne. D’fhill sí ar chleachtadh ealaíne fiche bliain ó shin; bhain sí céim Mínealaíne ag Ollscoil Uladh in 2011, agus tá a saothar ar taispeáint go forleathan i dTuaisceart Éireann agus sa Phoblacht.
Léiríonn saothar Belinda na seirbhísigh agus na leanaí a bhí ina gcónaí agus ag obair i gCaisleán Ráth Fhearnáin, a raibh malairt saoil agus taithí acu. Maidir le náisiúntacht, taispeánann sí mórshaothair phastalacha a léiríonn corpáin i bportaigh réamhstaire Éireann chomh maith le blianta beaga anuas. Lena gcois seo, taispeánann sí íomhánna a léiríonn stair chasta teaghlaigh agus teorainneacha pholaitiúla á dtrasnú. Taispeánann sí freisin réimse saothair a léiríonn cruatain imirceoirí agus tionchair rialtais agus corporáidí ar an imirce. Creideann sí go diongbhálta go bhfuil fíorneart le fáil ach comhshaorántacht le gnéithe neamhdhaonna na cruinne a aithint.
Chaith Manar Al Shouha a óige i Damascus na Siria; faoi láthair tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath agus dídean á lorg aici. Bhain sí céim Mínealaíne ó Ollscoil Damascus in 2016. Bhí saothar uaithi ar taispeáint go forleathan ó 2015 – 2021, go háirithe san National Centre for Visual Arts, Gailearaí Samer Kozah agus Gailearaí Ealaíne Al Hekmieh, Damascus. In 2019, tugadh cuireadh di saothar a thaispeáint mar chuid de Sheachtain Ealaíne Beirut sa Liobáin.
Taispeánann saothar Manar Damascus to Dublin go bhfuil beatha an duine leochaileach, athraíoch agus luaimneach, agus an caoi a bhfuil mothú an dúchais agus na saorántachta brúite faoi chois de dheasca na coimhlinte i Siria le deich mbliain anuas. Tá pictiúir dá máthair taobh le pictiúir dá saol i mBaile Átha Cliath.
Léiríonn Belinda agus Manar araon réimse íomhánna faoi na cruatain a fhulaingíonn daoine ó choimhlint agus ón imirce éigeantach. Is téama acu beirt íomhánna díobh siúd atá faoi cheilt ar chúiseanna éagsúla a athghabháil.
Tá Citizens? á thacú ag An Chomhairle Ealaíona, Centre for Creative Practices, Common Ground, Movement for Asylum Seekers in Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí.
Um breis eolais agus íomhánna, déan teagmháil le:
info@commonground.ie or 01 7078766
Nótaí
Réadmhaoin Stairiúil Náisiúnta faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí is ea Caisleán Rath Fhearnáin. Chomh maith le turais treoraithe, tá clár leathan cultúrtha ann a chuimsíonn taispeántais, imeachtaí ceoil, drámaí, cainteanna agus léitheoireacht. Bíonn imeachtaí ann freisin a bhaineann leis an Seachtain Náisiúnta Oidhreachta, an Oíche Chultúir, Open House, One City One Book agus Féile Leabhar Red Line.
Féach https://rathfarnhamcastle.ie/
EOLAS
Taispeántas: CITIZENS?
Áit: Caisleán Ráth Fhearnáin, Baile Átha Cliath D14K3T6
Dátaí: Dé hAoine 9 Meán Fómhair – Dé Domhnaigh 23 Deireadh Fómhair
Am: Meán Fómhair: Gach lá 9.30am – 5.30pm
Deireadh Fómhair: Céadaoin go Domhnach 10.30am – 5pm
Cead Isteach: Saor in Aisce