Cloig Eaglais Naomh Audoen ag bualadh le 600 bliain, ag fógairt na n-uaireanta i lárchathair Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 25 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá ríméad ar Eaglais Naomh Audoen agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ceiliúradh a dhéanamh ar 600 bliain de thrí cinn dá cloig atá suite i gcloigtheach ón 15ú haois.
Chun an ócáid speisialta seo a chomóradh, beidh Cumann Clogairí Naomh Audoen ag bualadh na gclog ar an Satharn, 26 Lúnasa ag 2pm

Tá Eaglais Naomh Audeon suite i gcroílár cheantar múrtha meánaoiseach Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh é i 1190 agus is é an t-aon séipéal paróiste meánaoiseach sa phríomhchathair atá fós in úsáid. Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí, a chuidíonn le caomhnú agus cothabháil an láithreáin, fáilte freisin roimh chuairteoirí chuig an láthair stairiúil seo. Gheofar léargas ónár bhfoireann treoraithe ar stair mheasctha an tséipéil, an túir agus na gclog ceiliúrtha.
Dúirt Patrick O’Donovan, Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Is finnéithe iad na cloig seo ar stair sé chéad bliain, de réir mar a chuaigh an chuid seo den chathair trí thréimhsí de mhórathruithe cultúrtha agus eacnamaíocha. Mar choimeádaithe de na déantáin stairiúla tábhachtacha sin, tá lúcháir orainn an píosa saibhir seo dár n-oidhreacht a aithint agus a onórú, agus na cloig a bhualadh mar cheiliúradh ar an 26 Lúnasa.
Tá na cloig seo, mar aon le triúr eile ón 18ú agus 19ú haois, mar chuid lárnach de shaol Bhaile Átha Cliath leis na céadta bliain, ag fógairt na n-uaireanta agus ag glaoch muintir na lárchathrach chun urnaí. D’fhan siad gan athrú fad a bhí tírdhreach na cathrach seo atá ag athrú de shíor, ionas gur fuaimrian cuimhneacháin iad ar ár nóiméid stairiúla, ag fógairt ár gceiliúrthaí agus ag bualadh go brónach nuair a bhíomar faoi bhrón.”
Tá inscríbhinní Gotach ar na cloig agus tá ‘Anno Domini 1423: The Bell of the Holy Trinity and all Saints’, stampáilte ar cheann amháin acu; tá an dá cheann eile ar an déanamh céanna, agus iad tiomnaithe do Naomh Audoen agus do Mhuire, an Mhaighdean Bheannaithe.

Chun an ócáid thábhachtach stairiúil seo a chomóradh, tabharfaidh Cumann Clogairí Naomh Audoen, a bunaíodh i mBealtaine na bliana seo, faoi sheisiún clogaireachta a chloisfear ar fud na cathrach. Tá 15 bhall ar an gCumann ó chúlraí éagsúla, agus suim leanúnach acu go léir sa champáneolaíocht. Bhuail clogairí ón dá ardeaglais i mBaile Átha Cliath –Eaglais Phádraig agus Eaglais Chríost, agus ó shéipéil eile sa chomharsanacht – na cloig seo maidin Dé Domhnaigh agus ag imeachtaí eile anuas trí na blianta. Ba é an uair dheireanach a raibh a cumann clogairí féin ag Naomh Audoen sa bhliain 1898.
Dúirt Robert MacDonald, Máistir Clogaire, Eaglais Naomh Audoen,
“Is pribhléid an-mhór é a bheith in ann cloig a teilgeadh 600 bliain ó shin a bhualadh agus a bheith mar chuid de scéal leanúnacha na clogaireachta i mBaile Átha Cliath.”
Gheofar tuilleadh eolais nó is féidir agallamh le hurlabhraí a iarraidh ach scríobh chuig an bPreasoifig ag pressoffice@opw.ie.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí d'Eagarthóirí
Tabharfaidh Cumann Clogairí Naomh Audoen taispeántas clogaireachta Dé Sathairn, 26 Lúnasa ag 2pm, agus beidh seirbhís ina dhiaidh sin ag 4:30pm sa Séipéal.
- Dáta: Dé Sathairn, 26 Lúnasa 2023
- Am: 14:00
- Suíomh: Eaglais Naomh Audoen, An tSráid Ard, Na Saoirsí, Baile Átha Cliath
Tá an tIonad Cuairteoirí atá á bhainistiú ag OOP ar oscailt do chuairteoirí gach lá, idir 09:30 agus 17:30, go dtí 5 Samhain 2023.
Bhí Eaglais Naomh Audoen ríthábhachtach do shaol na cathrach sna meánaoiseanna. Is anseo a fógraíodh bullaí pápa agus a gearradh pionóis phoiblí. Tá sé tiomnaithe d'easpag Rouen ón seachtú haois agus d’éarlamh na Normainne, a bhfuil a lá féile ar an 24 Lúnasa.
Is féidir le cuairteoirí chuig Eaglais Naomh Audoen an chuid den séipéal atá fós in úsáid ag Eaglais na hÉireann a scrúdú. Gheofar sonraí eile ar St Audoens Church.