English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comóradh Céad Bliain ar Mharú Risteaird Mhic Aoidh, Pheadair Mhic Lannchaidh agus Chonchúir Mhic Clúin

Céad bliain ó shin, ar 21 Samhain 1920, tharla Domhnach na Fola. Go luath an mhaidin sin, mharaigh baill den IRA daréag fear ar ceapadh gur oifigigh faisnéise in Arm na Breataine iad, chomh maith le beirt phóilín cúnta, in áiteanna éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath. Níos déanaí ar an lá céanna, scaoil fórsaí na Breataine le slua ag cluiche peile i bPáirc an Chrócaigh; maraíodh 14 shibhialach. Osclófar taispeántas nua i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann mar chomóradh ar ghníomh deireanach an lae sin: marú Risteaird Mhic Aoidh, Pheadair Mhic Lannchaidh agus Chonchúir Mhic Clúin le linn dóibh bheith faoi choimeád ag fórsaí na Breataine. Taispeánfar iarsmaí a bhaineann leis an dtriúr fear agus le scéal a mbás.

Bhí Risteard Mac Aoidh ina Cheannfort ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath an IRA; ba é Peadar Mac Lannchaidh an Leas-Cheannfort. Gabhadh an bheirt acu i dteach sábháilte ar Shráid Gloucester an oíche roimhe sin. Trí iomrall aithne, gabhadh Conchúr Mac Clún mar bhall den IRA i ruathar ag fórsaí Breataineacha ar Óstán Uí Bheacháin ar Chearnóg Parnell níos luaithe an lá céanna. Glactar leis go forleathan gur mar dhíoltas a maraíodh an triúr fear, cé go ndúirt an ráiteas hoifigiúil an tráth sin gur ag iarraidh éaló a bhíodar nuair a maraíodh iad.

Imeasc na n-iarsmaí atá ar taispeáint tá peann a thóg deirfiúr Risteaird Mhic Aoidh óna phóca nuair a tháinig sí chun a chorp a shainaithint, agus ribe gruaige a ghearr Dónal Ó Braoin ó chorpán Pheadair Mhic Lannchaidh. Baineann suntas ar leith le fáinne óir a rinneadh do Mháire Ní Ghibne, ball de Chumann na mBan, i gcuimhne ar a fear geallta, Risteard Mac Aoidh. Inscríofa an an dtaobh istigh den bhfáinne tá na focail ‘Dick, Peadar 21 November 1920’.

Ar taispeáint freisin tá nóta comhbhróin a scríobh Micheál O Coileáin ag an sochraid san Leas-Ardeaglais. Ba é an Coileánach an fear ba mhó a raibh tóir air in Impireacht na Breataine i ndiaidh Domhnach na Fola, ach chinn sé ar dhul chuig socraidí a dhlúthchairde. In ainneoin scata bleachtairí a bheith imeasc na ndaoine, sheas an Coileánach amach ón slua agus scríobh sé an nóta ar an dtoirt. Toisc a leochailí is atá an nóta, is annamh a chuirtear ar taispeaint é.

Ar an drochuair tá Príosún Chill Mhaighneann dúnta faoi láthair mar gheall ar shrianta Covid-19. Ach i gcomhar le RTÉ tá an taispeántas le feiceáil ar an suíomh gréasáin: rte.ie/history/history-galleries/

Dúirt Brian Crowley, Coimeádaí na mBailiúchán:

“Chun an comóradh céad bliain fíorthábhachtach seo a léiriú, tá cuid de na hiarsmaí seo ar taispeáint i bPríosún Chill Mhaighneann den chéad uair – an peann le Risteard Mac Aoidh, ribe gruaige Mhic Lannchaidh agus cóip de scríbhinní Gaeilge an Phiarsaigh le Conchúr Mac Clún. Baineann suntas ar leith leo agus léiríonn siad scéalta na ndaoine a bhain leis an ócáid stairiúil seo. Cé go bhfuilimid dúnta ar an bpobal faoi láthair, beimid ag roinnt scéalta na n-iarsmaí seo ar líne agus trí na meáin shóisialta.”

Lean sinn ar twitter @opwkilmainham

Lean sinn ar facebook @kilmainhamgaolmuseum

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Cé go bhfuil an Músaem dúnta ar an bpobal, féadfar rochtain shrianta a shocrú le haghaidh iriseoirí. Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, ag 086 8079071 nó ag brian.crowley@opw.ie .

Tá Príosún Chill Mhaighneann suite ar Bhóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8. Tá sé dúnta faoi láthair mar gheall ar shrianta Covid-19; de ghnáth bheadh sé ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm (cead isteach deireanach ag 5pm), gach lá den tseachtain.