English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhoibriú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Iompar d’Éirinn (TFI) chun taisteal inbhuanaithe a spreagadh le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Is é an téama do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta i mbliana ná Ceangail, Bealaí agus Líonraí. Spreag an téama seo Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) chun a chur ina luí ar chuairteoirí an tseirbhís iompair phoiblí tuaithe um Nasc Áitiúil a úsáid le taisteal chuig dhá láthair oidhreachta déag ar fud na hÉireann. Is í seo an chéad bhliain a bhfuil an feachtas iontach seo á reáchtáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Iompair.

Beidh saorchead isteach ag cuairteoirí chuig láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí atá páirteach i Naisc Áitiúla leis an Stair ón Luan 19 Lúnasa go dtí an Aoine 23 Lúnasa. Taispeáin do thicéad Local Link ag an ionad fáiltithe chun leas a bhaint as an tairiscint seo. Tá liosta iomlán de na láithreacha atá páirteach anseo chomh maith leis na seirbhísí um Nasc Áitiúil a ghabhann leo ar fáil ar www.heritageireland.ie

Tá an tSeirbhís um Nasc Áitiúil de chuid Iompar d’Éirinn (TFI) mar chuid de Phlean Soghluaisteachta Tuaithe, Éire a Nascadh. Is mórthionscnamh iompair náisiúnta arna fhorbairt agus arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair atá anseo agus is í an aidhm atá leis ná cur le nascacht agus bealaí taistil inbhuanaithe, go háirithe do dhaoine atá ina gcónaí taobh amuigh de chathracha móra agus bailte.

Dúirt Kieran O’ Donnell, Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí:

I gcomhpháirtíocht le Iompar d’Éirinn, tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tarraingt airde ar na seirbhísí um Nasc Áitiúil a thugann cuairteoirí chuig láithreacha aitheanta i gceantair tuaithe in Éirinn, ina measc, Láithreacha Mhainistir Ghleann Dá Loch agus Chluain Mhic Nóis, Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire agus Ionad an Bhlascaoid. Léiríonn an feachtas seo tiomantas Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le réitigh inbhuanaithe a chur chun cinn.

Tá inbhuanaitheacht agus gníomhú ar son na haeráide i gcroílár Ráiteas Straitéise Oifig na nOibreacha Poiblí agus tá an Oifig tiomanta i ndáil le fís a fhíorú ina ndéantar iarracht comhchuibheacht a bhaint amach idir ár dtimpeallacht thógtha agus an timpeallacht nádúrtha. Tá comhoibriú ar fud an Rialtais uile agus rannpháirtíocht i bpobail ríthábhachtach maidir leis an dianiarracht seo.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair:

Tugann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta deis dúinn ar fad nascadh leis na láithreacha stairiúla a raibh tionchar acu ar stair na hÉireann. Níl aon bhealach níos fearr chun tionchar a bheith againn ar thodhchaí na hÉireann ná trí bhealaí iompair inbhuanaithe a roghnú chun an áilleacht agus an saibhreas cultúrtha atá ar fáil in Éirinn a fheiceáil.

Fáiltím go mór roimh an tionscnamh maidir le saorchead isteach a thairiscint dóibh siúd a thaistealaíonn ar Nasc Áitiúil chuig na láithreacha oidhreachta atá páirteach sa tionscnamh, agus mholfainn do dhaoine leas a bhaint as.


Láithreacha atá páirteach sa bhfeachtas, Nasc Áitiúil leis an Stair

Ionad Cuairteoirí agus Mainistir Ghleann Dá Loch

Bealach 183, Na Solláin go dtí an tInbhear Mór

https://locallinkckw.ie/wp-content/uploads/2022/11/TFI-LL-R183-Sallins-to-Arklow-WEB5.pdf

Caisleán Dhún na nGall

292 Ballyshannon to Donegal Town and 293 Glencolmcille to Donegal Town

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/TFI-LL-DSL-R292-Dec23-WEB-FA.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/293-Glencolmcille-to-Donegal-Town.pdf

Is féidir freisin leas a bhaint as Bealaí 30 agus 30x, 492, 480, agus 64 de chuid Bhus Éireann

Caisleán Parke

563 Sligo-Dromahair Local Link bus and the 566 Sligo-Dowra

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/Route-563Timetable-FA.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/129551-SITT-TT-566-Dowra-to-Sligo-6pg-DL.pdf

Ionad an Bhlascaoid – Ionad an Bhlascaoid

Route 277a Dingle Daingean Uí Chúis – Ceann Trá – Baile an Fheirtéaraigh – Dún Chaoin

https://www.locallinkkerry.ie/dingle/

Mainistir na hInse

318, 331, 335, 337, 339, 342, 344, C23

https://www.locallinklc.ie/clare-routes/

Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire

981

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/981-Coolaney-to-Sligo-6pg-DL-30th-Oct.pdf

Daingean Míleata Rinn Chorráin

253C

https://locallinkcork.com/schedule/253c-kinsale-to-charlesfort/

Láthair Mhainistir Chluain Mhic Nóis

850

https://locallinklaoisoffaly.ie/wp-content/uploads/2024/03/850-Athlone-to-Roscrea-4pp-01Dec23-ONLINE.pdf

Ionad Chath na Bóinne – Eastát an tSeandroichid

163

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/02/TFI-LL-R163-FA-WEB.pdf

Na Gairdíní agus Caisleán Phort Omna

547

https://www.locallinkgalway.ie/dynamic-timetables/route-547---portumna-to-ballinasloe

322

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/TFI-Local-Link-Route-322-Portumna-to-Nenagh-Nov23.pdf

Caisleán Chill Chainnigh

897

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/10/TFI-LL-CKW-R897-June2023-WEB.pdf

Mainistir Shligigh

563, 566, 572, 977 agus 981

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2023/11/Route-563Timetable-FA.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/01/TFI-LL-DSL-R566-Dec23-FA-WEB4.pdf

https://www.transportforireland.ie/wp-content/uploads/2024/05/TFI-LL-DSL-R572-May24-FA-WEB.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/129549-SITT-TT-977-Ballaghaderreen-to-Sligo-4pg-DL-1.pdf

https://locallinkdsl.ie/wp-content/uploads/2022/02/981-Coolaney-to-Sligo-6pg-DL-30th-Oct.pdf


Nótaí

Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a eagraíonn an Chomhairle Oidhreachta ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó in Éirinn.

Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar siúl ón 17 go 25 Lúnasa 2024.

Insíonn láithreacha oidhreachta, atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí, an scéal faoi na ceangail atá idir daoine, oidhreacht pobail agus cultúr. Ós rud é go mbeidh os cionn 140 imeacht ar siúl ar fud na tíre agus go mbeidh saorchead isteach* ar an 17 agus 18 Lúnasa, is cinnte go mbeidh rud éigin do gach duine le taitneamh a bhaint as. Féach ar [external-link www.heritageweek.ie | www.heritageweek.ie ] chun breis eolais a fháil. *Seachas Príosún Chill Mhaighneann