English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuirtear tús le stadanna sealadacha bus a thógáil do bhus tointeála trialach i bPáirc an Fhionnuisce

Cuirfear tús inniu [28 Lúnasa 2023] ar stadanna sealadacha bus a thógáil feadh Ascaill Chesterfield i bPáirc an Fhionnuisce agus mairfidh sé timpeall ceithre seachtaine.

Rinne Staidéar ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta Pháirc an Fhionnuisce a choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) i mí Iúil 2021 príomh-mholadh go gcuirfí bus poiblí ar fáil a nascfadh Páirc an Fhionnuisce le moil mhódúla eile chun taisteal gníomhach a éascú.

Ag obair go dlúth leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Comhairle Contae Fhine Gall, tá iniúchadh déanta ag an OOP ar roghanna chun an príomh-mholadh seo a bhaint amach. Dheimhnigh an NTA le déanaí go mbeadh sé in ann seirbhís phíolótach bus a chur ar fáil ó Stáisiún Heuston go dtí Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus tá Conraitheoirí Foirgníochta Hegarty ceaptha ag OOP chun stadanna sealadacha bus a thógáil feadh Ascaill Pháirc an Fhionnuisce agus ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce.

Beidh seacht stad san iomlán laistigh de Pháirc an Fhionnuisce -- ag Zú Bhaile Átha Cliath, Timpeallán an Fhionnuisce, Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce agus ag Gairdíní an Phobail, Bealach isteach Shráid Gheata na Páirce.

Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm le linn na n-oibreacha seo agus mar sin ba cheart dóibh siúd a thaistealaíonn tríd an bpáirc a bheith ag súil le moill ghearr.

Cuirfear comharthaí in airde chun rothaithe, siúlóirí agus tiománaithe carranna a dhíriú timpeall ar na hoibreacha sealadacha.

Nuair a bheidh an bonneagar riachtanach tógtha, beidh bealach bus nua – bus uimhir 99, agus an dá uimhir cosúil le ceannlitreacha Pháirc an Fhionnuisce – ar fáil ó Bhus Átha Cliath ag tosú níos déanaí an fómhar seo, ag tairiscint seirbhís tointeála bus laethúil ó 9:00 go 18:30. Cuirfidh an NTA tuilleadh sonraí ar fáil níos gaire do sheoladh na seirbhíse.


Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí d'Eagarthóirí

Mar gheall ar Pháirc an Fhionnuisce:

• Tá Páirc an Fhionnuisce suite in iarthar Chathair Bhaile Átha Cliath, díreach ó thuaidh d’Abhainn na Life. Achar 700 ha atá sa pháirc agus é timpeallaithe ag balla 11 km. Tá baint ag an bpáirc le stair, dúlra agus cultúr na hÉireann agus tá tábhacht nach beag idirnáisiúnta léi, freisin. Is áit caithimh aimsire í, leis, a dtugann na mílte daoine cuairt uirthi gach bliain.

• Tá os cionn 25 km de bhóithre, 17 km de lánaí rothair agus 27 km de chosáin i bPáirc an Fhionnuisce.

• Is iad Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce (2 mhilliún cuairteoir in 2022) agus Gairdín na nAinmhithe (1.2 milliún cuairteoir in 2022) na príomháiteanna is díol spéise do thurasóirí.

Mar gheall ar Staidéar ar Roghanna Iompair agus Soghluaisteachta Pháirc an Fhionnuisce agus Treoirscéim an Bhus Tointeála

• Sa Tuarascáil Iarchomhairliúcháin ar an Staidéar ar Roghanna Iompair agus Soghluaiseachta Pháirc an Fhionnuisce foilsíodh in Iúil 2021, leagadh amach sraith moltaí faoin tslí a bhféadfadh cuairteoirí dul isteach sa pháirc, taitneamh a bhaint aisti agus bogadh timpeall laistigh di, agus timpeallacht an phobail agus na páirce á gcosaint ag an am céanna.

• Déantar roinnt moltaí ann faoin tslí le trácht agus luas comaitéirí a laghdú, na roghanna do rothaithe agus do choisithe a mhéadú agus córas teoranta iompair phoiblí a chur ar fáil.

• Cuirtear san áireamh ann na ceisteanna casta a chaithfear a réiteach i ngeall ar na húsáidí éagsúla agus iomaíocha a bhaintear as an spás.

• Gheofar an tuarascáil ag an nasc seo a leanas:

Phoenix Park Transport and Mobility Options Study - Post Consultation Report July 2021
This Post-Consultation Report aims to set out how the public consultation process was managed, how many people interacted with the public consultation, and summarise the issues and concerns raised throughout the public consultation process. Key outcomes and next steps are set out in this report.
Amharc amharc