English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Daniel O’Neill : Romanticism and Friendships

An chéad fhéachaint siar ar shaothar an ealaíontóra le 70 bliain

Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an taispeántas ‘Daniel O’Neill: Romanticism and Friendships’ a chur i láthair ag Gailearaí Gallery, ar oscailt ó 12 Márta. Tá an taispeántas faoi chúram Karen Reihill, staraí ealaíne a scríobh monagraf faoin ealaíontóir a foilsíodh in 2020 mar chomóradh céad bliain a bhreithe. Is ó bhailiúcháin phríobháideacha cuid mhór den saothar atá ar taispeáint, cuid acu nach raibh ar taispeáint le breis agus 50 bliain. Tá cuid eile acu as bailiúcháin ANEÉ, Ollscoil Luimnigh agus Músaem Uladh.

Is é seo an chéad taispeántas de shaothar Daniel O’Neill ó 1952. An bhliain sin, chuir Músaem Uladh taispeántas ar fáil a tharraing na sluaite. Mar chomhthéacs dá shaothar, beidh saothar ann freisin ó chairde agus ó chomhealaíontóirí le Daniel O’Neill - Gerard Dillon, Colin Middleton, Arthur Armstrong, Nano Reid agus George Campbell, imeasc mórán eile. Tugann an taispeántas seo deis do ghlún nua lucht ealaíne saol agus saothar an ealaíontóra seo a scrúdú, duine a raibh ardmheas air ins na blianta iarchogaidh agus a raibh éileamh leathan ar a shaothar roimh a bhás antráth in 1974.

Rugadh O’Neill i mBéal Feirste, áit ar fhreastal sé ar roinnt bheag ranganna sa Choláiste Ealaíne ansin. Thosaigh sé i mbun pictiúir uiscedhatha in aois 15 bliana dó agus chaith sé a chuid saorama i Leabharlann Tagartha Bhéal Feirste, ag déanamh staidéir ar Ealaíontóirí Athbheochana na hIodáile. Bhí post aige mar innealtóir leictreach sa Roinn Iompair ag Bardas Bhéal Feirste, áit a d’oibrigh sé istoíche chun go bhféadfadh sé péinteáil i rith an lae. In 1945, ghlac Victor Waddington i mBaile Átha Cliath ar láimh é agus d’eagraigh taispeántais aonair dó. In 1948, chaith sé leathbhliain sa Fhrainc, áit a raibh deis aige staidéar a dhéanamh ar ealaíontóirí mar Watteau, Rouault, Vlaminck, Utrillo agus na hImprisanaithe. Le linn na 1940idí agus 1950idí, bhí saothar uaidh ar taispeáint i mbreis agus 20 taispeántas ealaíne Éireann sa Bhreatain, san Eoraip agus ins na Stáit Aontaithe. Ba í an Roinn Gnóthai Eachtracha a dhein urraíocht ar na taispeántais seo chun an chuid is fearr d’ealaín na hÉireann a thaispeáint thar lear.

Tar éis dó breis agus deich mbliana a chaitheamh i Londain, d’fhill sé ar Bhéal Feirste; chuir a thaispeántas 1970 iontas ar dhaoine le dathanna nua a bhí geal agus láidir, níorbh ionann agus an stíl gruama rómánsúil a chleacht sé ins na 1950idí. Bhí an taispeántas aonair deireanach uaidh sa Ghailearaí Dawson i mBaile Átha Cliath in 1971 agus bhí rath amach roimhe. Ar an drochuair chuaigh a shláinte in ísle brí; cailleadh é i mí Márta 1974 agus gan ach 54 bliana slánaithe aige.

CRÍOCH

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Eolas faoin taispeántas

Teideal: Daniel O’Neill: Romanticism and Friendship

Áit: Gailearaí Farmleigh, Teach & Eastát Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Dátaí: 13 Márta go 6 Meitheamh 2022

Ar Oscailt: Máirt go Domhnach

10am go 5pm (Dúnta um Lón 1 go 2pm)

Cead Isteach: Saor in Aisce

Suíomh Gréasáin: Farmleigh Gallery