Ellie Dunne - Taispeántas aonair pictiúir agus líníochtaí teibí
- Foilsithe: 4 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fhógairt go dtionólfar an chéad taispeántas aonair de shaothar ealaíne teibí leis an ealaíontóir óg Ellie Dunne.
Rugadh Ellie i mBaile Átha Cliath in 1999 agus tá cónaí uirthi i lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sí faoi láthair ina mac léinn ar chúrsa Phunainne Ealaíne i gColáiste Stigh Lorgan agus súil aici dul ar aghaidh chuig coláiste ealaíne amach anseo.

Tá Ellie i mbun líníochta agus péinteála le breis agus deich mbliana ach le linn srianta Covid bhí deis aici tuilleadh ama a chaitheamh leis an ealaín agus triail a bhaint as péint agus ábhair nua.
Tá saothar teibí Ellie cumasach agus grafach araon; taispeántar mothú eisceachtúil dathach agus mothú láidir gréasa. Is saothraí dian dírithe í – samhlaítear go n-éiríonn an ealaín ón doimhneacht laistigh. Is aidhm dí saothrú ar scála a bheidh ag dul i méid i gcónaí.
Imeasc na n-ealaíontóirí a spreagann í tá Anni Albers, William Crozier, Richard Gorman, Keith Haring, Mainie Jellett, Agnes Martin, Bridget Riley, agus Sean Scully.
Anuraidh, chomhoibrigh Ellie le Miriam Cushen, fíodóir as Cushendale Woollen Mills i gCo. Chill Chainnigh; dheineadar eagrán teoranta pluideanna le holla dúchais Éireann ó chaoirigh ‘Gaillimhe’ atá faoi chosaint. Faoi láthair tá si ag obair ar phluideanna nua a dhearadh, a chuirfear ar fáil níos déanaí i mbliana.
Tá Siondróm Down ar Elie.
Is é an taispeántas seo, ag Gailearaí an Tí Duair i gCaifé CaToCa Café ag Cúirt Ioma, an chéad taispeántas aonair de shaothar Ellie. Tá cead isteach saor in aisce agus tá an Gailearaí ar oscailt le linn uaireanta oscailte an Chaifé.
Um breis eolais, déan teagmháil le Dorothea Depner ag dorothea.depner@opw.ie
Eolas
Teideal: Ellie Dunne: Exhibition of Abstract Art
Áit: Seomraí Tae CaToCa, Cúirt Ioma, Co. Laoise
Dátaí: 4 Aibreán go 29 Bealtaine 2022
Am: Ar oscailt Luan go Satharn (10am go 6pm)
Cead Isteach: Saor in aisce
Suíomh Gréasáin: www.elliedunneart.com