Fáilíonn an tAire Patrick O’Donovan roimh cheapadh comhairleach chun Scéim Maolaithe Tuilte do bhaile Loch Garman a dhearadh
- Foilsithe: 23 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), Patrick O’Donovan, T.D., i Loch Garman inniu (23 Márta 2023) roimh cheapadh Nicholas O’Dwyer Teo. mar chomhairleoirí innealtóireachta agus comhshaoil chun Scéim Cosanta Tuilte Bhaile Loch Garman agus a Phurláin a dhearadh.
Ag labhairt dó ag síniú na gconarthaí, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun an ceapachán seo a fhógairt agus chun tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na scéime seo a dhearbhú do mhuintir agus do ghnólachtaí Loch Garman. Is infheistíocht thábhachtach é seo don bhaile agus tabharfaidh sé cosaint do thart ar 180 teaghlach agus gnó. Is féidir leo siúd agus leis an bpobal a bheith cinnte de go mbeidh comhairliúchán pobail fairsing ann de réir mar a théann an Scéim ar aghaidh le linn chéim an dearaidh. Leanfaidh m’Oifig agus Comhairle Contae Loch Garman den dlúthchomhar le Nicholas O’Dwyer Ltd chun an Scéim seo a thabhairt chuig céim na tógála. Nuair a thógfar an scéim, beifear in ann oiriúnú ann chun cosaint a thabhairt ar bhaol tuilte an lae inniu agus ar an mbaol atá ag dul i méid ón athrú aeráide”.
Tá Scéim Cosanta Tuilte Loch Garman mar chuid d’infheistíocht €1.3bn an Rialtais i mbearta cosanta tuilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.
Tá Scéim Cosanta Tuilte Loch Garman mar chuid d’infheistíocht €1.3bn an Rialtais i mbearta cosanta tuilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.
Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman, an tUasal Tom Enright, fáilte roimh cheapadh Nicholas O’Dwyer Ltd., Consultant Engineers, agus roimh thús an dearaidh do Scéim Cosanta Tuilte do Bhaile Loch Garman agus a Phurláin. Trí fhorbairt agus chur i bhfeidhm oibreacha cosanta tuilte i Loch Garman cosnófar réadmhaoin atá ann cheana féin agus forbairt lár an bhaile amach anseo.
D’fhéadfadh go n-áireofaí leis an scéim cosanta tuilte atá beartaithe do Bhaile Loch Garman agus a Phurláin cosaintí crua a thógáil agus feabhas a chur ar iompar cainéal. Cosnófar réadmhaoin atá i mbaol trí shraith de chlaífoirt agus de bhallaí tuile, mar aon le feabhsú ar iompar cainéal gar do bhun srutha Abhainn na Carraige Leithne. Soláthróidh Scéim Faoisimh Tuile Bhaile Loch Garman agus a Phurláin cosaint do 63 réadmhaoin chónaithe agus 116 réadmhaoin neamhchónaithe ón gcineál tuile a tharlódh uair amháin i ngach 100 bliain.
Beidh grianghraif ar fáil tar éis an imeachta ó Mary Browne Photography (brownesphotography@me.com). Gheofar tuilleadh eolais ó Phreasoifig OOP ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
D’aontaigh Comhairle Contae Loch Garman, ag obair leis an OOP, a bheith ar an Údarás Ceannais ó thaobh Scéim Cosanta Tuilte a sholáthar do Bhaile Loch Garman agus a Phurláin.
D’fhéadfadh go n-áireofaí leis an scéim cosanta tuilte atá beartaithe do Bhaile Loch Garman agus a Phurláin cosaintí crua a thógáil agus feabhas a chur ar iompar cainéal. Cosnófar réadmhaoin atá i mbaol trí shraith claífoirt agus ballaí tuilte, mar aon le feabhas a chur ar iompar cainéil gar do bhun srutha Abhainn na Carraige Leithne agus tá sé sa chéad tráinse de thionscadail atá le cur chun cinn ag Comhairle Contae Loch Garman laistigh de fhráma ama 10 mbliana an chláir infheistíochta.
€9.52 milliún an réamhmheastachán costais do Scéim Bhaile agus Purláin Loch Garman agus cosnóidh sé thart ar 179 réadmhaoin (63 réadmhaoin chónaithe agus 116 réadmhaoin neamhchónaithe) nuair a bheidh sé críochnaithe.