Fáiltíonn an tAire O'Donovan roimh dhul chun cinn ar thionscadail cosanta tuilte ag Ceathrú Chalaidh agus Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
- Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D, i dteannta leis an Comhairleoir Séamus Weir, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, cuairt ar dhá scéim Cosanta Tuilte sa Chontae.
Thugadar cuairt ar dtús ar Cheathrú Chalaidh, áit a bhfuil an scéim nach mór críochnaithe, agus nochtaigh an tAire O’Donovan plaic ag Droichead Chnoc an Uisce. Tosaíodh an scéim seo, a bainistíodh faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta agus a threoraigh Comhairle Contae Mhaigh Eo, mar gheall ar thuile forleathan sa cheantar go luath i 2014. Cuimsíonn an scéim 13 claífort agus ardú bóithre agus tabharfaidh sé cosaint ó thuile amach anseo ar 14 réadmhaoin.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tuigim go fíormhaith an bhuairt ag pobail ar fud na hÉireann maidir le tuile agus bagairt tuilte. Mar sin, tá áthas orm bheith anseo i gCeathrú Chalaidh inniu chun scéim atá críochnaithe a fheiceáil, a thabharfaidh suaimhneas aigne do mhuintir na háite. Gabhaim buíochas le gach duine a chuidigh leis an scéim seo a chur i gcrích – ár gcomhpháirtithe i gComhairle Contae Mhaigh Eo, Mott MacDonald Consultants agus na conraitheoirí áitiúla Stephen Cannon Plant Hire agus Martin Moran Plant Hire”.
Ina dhiaidh sin, chuaigh an grúpa go Cathair na Mart, chun tús Scéim Cosanta Tuilte Chois Abhainn agus Choill na Fuinseoige a chomóradh. Bhuaileadar le hionadaithe ó Cunningham Civil and Marine Ltd., a ceapadh mar chonraitheoirí um thógáil na scéime, agus le muintir na háite.
Dúirt an Cathaoirleach, an Comhairleoir Séamus Weir:
“Tá áthas orm an phlaic seo a nochtadh i dteannta an Aire, mar chomhartha ar chríochnú scéim cosanta tuilte Cheathrú Chalaidh. Tabharfaidh an tionscadal seo cosaint do mhuintir Cheathrú Chalaidh ar thuile cósta agus stoirmeacha garbha. Tá fáilte freisin roimh thús oibre ar Scéim Cois Abhainn agus Choill na Fuinseoige. Tabharfaidh an scéim suaimhneas aigne do lucht cónaithe 36 teach go ceann i bhfad. Gabhaim buíochas le gach duine a bhí páirteach maidir leis an dá scéim seo a thabhairt chun cinn”.
Tosaíodh an scéim seo mar gheall ar thuilte 2015 in Abhainn na Ceathrú Bige; tógfar ballaí agus claífoirt tuile mar chosaint ar thuilte feasta. Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha seo críochnaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta 2023.
Gabhann an tAire buíochas le gach duine a chuidigh um an scéim seo a thosú – Comhairle Contae Mhaigh Eo, Oifig na nOibreacha Poiblí, muintir na háite, an comhairleoir deartha agus na conraitheoirí.
Grianghraif ar fáil ó Conor McKeown Photography conor.p.mckeown@gmail.com
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works