English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh Scéim Faoisimh Tuile Bhaile Héil ag dul ar aghaidh chuig an chéim pleanála

Inniu d’fháiltigh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan T.D., roimh an scéal go bhfuil Scéim Faoisimh Tuile Bhaile Héil tugtha chun cinn ag Comhairle Contae Chill Chainnigh chuig an chéim pleanála, tar éis dóibh scéim roghnaithe a fhorbairt agus a léiriú. Tá Céim 2 ar bun anois agus táthar ag súil go ndéanfar iarratas pleanála níos déanaí i mbliana.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm go bhfuil an tionscadal seo tugtha chun cinn go dtí an chéad chéim eile, tar éis an fhorbairt agus an réamhdhearadh a dhéanamh. Nuair a bheidh Scéim Faoisimh Tuile Bhaile Héil críochnaithe, tabharfar cosaint ar 24 teach cónaithe agus 9 áitreabh tráchtála. Tá maoiniú suntasach um fhaoiseamh tuile curtha ar fáil ag an Rialtas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, ach tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an fhreagairt againn ar thuiliú deartha ar bhonn láidir agus go dtugtar aird ar thuairimí an phobail atá á chosaint. Gabhaim buíochas leis na páirtithe leasmhara agus muintir an phobail a chaith am agus saothar le míonna anuas mar chuidiú chun an scéim roghnaithe do Bhaile Héil a thabhairt chin cinn.”

Mar chuid den Chlár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) a chríochnaigh OPW in 2018, léiríodh go raibh Baile Héil ar cheann den 300 limistéar a ceapadh faoi phriacal suntasach tuile. Mhol Staidéar MBPTA an Oir-Dheiscirt atreorú srutha agus cosaintí crua mar rogha indéanta faoisimh tuile do Bhaile Héil. Cheap an Chomhairle DBFL Engineering & Environmental Consultants ar 23 Márta 2020 chun an scéim seo a fhorbairt agus a dhearadh.

I gCéim 1 den phróiseas, rinne DBFL Engineering & Environmental Consultants athbhreithniú ar na bearta cosanta tuile a léiríodh sa Chlár MBPTA, á dtabhairt chuig dearadh imlíneach chomh maith le meastachán costais is tairbhe. Mar chuid den Mheasúnú Roghanna/Measúnú Ilchritéir, breathnaíodh réimse roghanna um fhaoiseamh tuile. Tharla comhairliúcháin phoiblí agus le páirtithe leasmhara in Bealtaine-Meitheamh 2020 agus arís in Iúil-Lúnasa 2021, de réir mar a bhí an scéim roghnaithe ag teacht chun cinn. Bhí an t-eolas a bailiodh ar an gcaoi seo agus as ócáidí comhairliúcháin trí Consult.Kilkenny.ie – mar shampla, tuairiscí agus grianghraif ar thuilte roimhe seo – mar bhonn eolais le dearadh na scéime agus mar chuidiú chun an scéim a leagan amach.

Léirigh na hinnealtóirí comhairleacha ceithre réamhroghanna, a cuireadh faoi bhráid na Comhairle agus OPW san Tuarascáil Roghanna; tá an scéim roghnaithe ag dul ar aghaidh go dtí an chéim pleanála. Faoin scéim seo, tógfar claífoirt agus bealaí feabhsaithe srutha ó chúrsa uisce Bhaile Héil chuig Abhainn na hAirgealach Bige.

CRÍOCH

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works