Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh thús oibre ar Scéim um Fhaoiseamh Tuile ag Gort an Tobair/Cluain Lára

Chuir an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., fáilte roimh thús na hoibre ar Scéim um Fhaoiseamh Tuile Gort an Tobair agus tabharfaidh sé cuairt ar an láthair oibre ag Cluain Lára amárach, Dé hAoine 30 Iúil.

Dúirt an tAire:

“Is maith is eol dom an t-imní a chuireann tuiliú agus an bhagairt tuie ar an bpobal áitiúil. A bhuíochas don dianobair a dhéan Oifig na nOibreacha Poiblí, Comhairle Contae an Chláir agus comhairleoirí innealtóireachta, tá an scéim seo anois á tógáil agus tabharfar cosaint ar 18 réadmhaoin sa cheantar go luath.”

Mar chuid den scéim, tógfar claífort cosanta tuile, ardú talún, loc-chomhla/bualchomhla, stáisiún caidéalúcháin agus oibreacha bainteacha ins na bailte fearann seo a leanas: Gort an Tobair, Ceapach an Bhile Thuaidh, Cotáiste agus Oileán Uí Riagáin, Cluain Lára. Co. an Chláir. Cuireadh Ráiteas Tionchair Natura le pleananna agus faisnéis chuig An Bord Pleanála i mí Iúil 2020; faomhadh iad i mí na Samhna 2020 faoi Chuid 10 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001. Táthar ag súil go gcríochnófar an obair in 2022.

CRÍOCH

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat