Fáiltíonn an tAire Patrick O’Donovan roimh chinneadh an Bhoird Pleanála Scéim Cosanta Tuilte an Inbhir Mhóir a cheadú
- Foilsithe: 26 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, chuir Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), fáilte roimh chinneadh an Bhoird Pleanála ceadú don Scéim Cosanta Tuilte atá molta do bhaile an Inbhir Mhóir, Co. Chill Mhantáin.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is dea-scéál ar fad é seo, bliain nach mór ón lá a tháinig mé anseo chun eolas a chur ar an scéim cosanta tuilte don bhaile seo. Ar an gcéad dul síos, tabharfar cosaint ó thuilte ar 637 teach cónaithe agus 141 gnóthas ar an mbaile ón chineál tuilte a tharla go minic anseo le fiche bliain anuas. Is dea-scéal é freisin dár gcomhpháirtithe i gComhairle Contae Chill Mhantáin agus do na comhairleoirí innealtóireachta atá ag obair linn le blianta fada anuas chun scéim a thabhairt chun cinn ar an abhainn anseo a bheadh inmharthana, cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe. Meastar go gcosnóidh an scéim €28 milliún agus cosnófar an baile ó thuiliú cósta agus abhann araon nuair e bheidh sé críochnaithe.”
Déanfar an abhainn a dhoimhniú agus tógfar gaistí bruscair agus gairbhéil chun sruthlú an uisce a fheabhsú. Cuimseoidh an obair freisin feabhsú ar spásanna poiblí, neartú ar na ballaí cé agus ar Dhroichead an Inbhir Mhóir, chomh maith le painéil ghloine agus claífoirt mar chosaint ar phriacal tuile. Is é Comhairle Contae Chill Mhantáin an t-údarás tosaigh maidir le soláthar na scéime, le maoiniú agus tacú iomlán ó OPW faoin Chlár Caipitiúil um Chosaint Tuilte.
Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie
Lean muid ar @opwireland
Aimsigh muid ar @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí le haghaidh Eagarthóirí
• Tá tuilte suntasacha ag imirt ar bhaile An Inbhir Mhóir le fada an lá. Féadfaidh tuiliú éirí ón bhfarraige mar gheall ar thaoidí stoirme nó sithigh, nó ón abhainn mar gheall ar bháisteach throm. Uaireanta tagann an dá rud le chéile chun tuilte a chruthú.
• Ceapadh an scéim um chosaint ar ócáid tuile 1-i-100-bliain ón abhainn agus ar ócáid tuile 1-i-200-bliain ón bhfarraige.
• Tosaíodh ar Scéim Cosanta Tuilte an Inbhir Mhóir in 2002 tar éis tuilte móra in 1986, 1989 and 2002. Cheap Comhairle Baile an Inbhir Mhóir (Comhairle Contae Chill Mhantáin anois) comhairleoirí innealtóireachta den chéad uair go luath ins na 2000idí chun Tuarascáil Féidireachta a ullmhú.
• Cuireadh isteach Iarratas um Phleanáil i mBealtaine 2021 agus bhí éisteacht ó bhéal in Eanáir 2022.
• Dheonaigh An Bord Pleanála ceadú pleanála, le hordú dar dáta 19 Iúil 2022, faoi réir ag ocht gcoinníoll, maidir le forbairt inbhuanaithe an limistéir agus um chosaint a chinntiú ar thimpeallacht, éiceolaíocht agus fiadhúlra sa cheantar mórthimpeall.
Gnéithe a bhain leis an Scéim a chur chun cinn um Phleanáil
• Ceapadh an scéim ar dtús mar Scéim faoin Acht um Dhraenáil Artaireach, ach bhain an oiread sin castachta leis gur measadh gurbh fhearr na hoibreacha a dhéanamh faoi chumhachtaí an údaráis áitiúil.
• Rinneadh athdhearadh cuimsitheach ar an Scéim le linn na tréimhse seo.
• Le himeacht aimsire, mar gheall ar athruithe reachtúla, an Treoir AE 2014 maidir le Measúnú Tionchair Comhshaoil san áireamh, ba ghá measúnaithe breise, athchóiriú ar thuarascála agus suirbhéanna breise éiceolaíochta um chomhlíontacht a chinntiú.
• Bhí Scéim Uisce Éireann um Chóireáil Fuíolluisce an Inbhir Mhóir ag dul ar aghaidh san am céanna agus ba ghá an dá thionscadal a chomhtháthú.
• Bhí breathnú níos leithne maidir le modhanna diúscartha dramhaíola, diúscairt sa bhfarraige san áireamh.