Fáiltíonn OOP roimh ‘Dealbhóireachtaí i gComhthéacs’ ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
- Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2024
Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) Dealbhóireacht i gComhthéacs a óstáil ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon. Is taispeántas dealbhóireachta bliantúil é seo atá á reáchtáil le 35 bliain anuas, an taispeántas dealbhóireachta is mó agus is tábhachtaí agus is buaine sa tír. Meallann sé líon mór cuairteoirí, idir lucht féachana agus moltóirí. Beidh an buaicphointe cultúrtha seo ar oscailt gach lá saor in aisce i nGairdíní Náisiúnta na Lus ón 7 go dtí an 13 Meán Fómhair.
Cuirfear na saothair ealaíne i dtaispeántas na bliana seo ar taispeáint ar fud 50 acra na nGairdíní, atá leagtha amach go hálainn, ionas go mbeidh ar chumas cuairteoirí saothair a aimsiú gan choinne in áiteanna éagsúla. Cuirfear dealbhóireachtaí níos lú ar taispeáint ar fud na dtithe gloine agus sa Ghailearaí thuas staighre in Ionad na gCuairteoirí.

Tabharfar le chéile saothar ó bhreis agus 140 ealaíontóir – lena n-áirítear Alan Clarke, Eileen MacDonagh, Róisín de Buitléar, Shane Holland agus Sara Cunningham-Bell – i raon dochreidte meán. Is léiriú iad na saothair ealaíne seo ar charachtar saibhir ilghnéitheach na dealbhóireachta in Éirinn agus thar lear sna blianta seo.
Fuair na healaíontóirí a gcuid inspreagtha ó théamaí éagsúla: an fiadhúlra, an éiceolaíocht, an t-athrú aeráide agus an easpa dídine. Ó na saothair cheirmeacha is lú agus is casta go dtí dealbhóireachtaí cloiche ar scála an-mhór, saibhreofar na cuairteoirí ar an taispeántas as bheith ag féachaint ar na saothair spreagthacha seo in aon láthair amháin. Tá an t-ionracas ealaíne agus an scil theicniúil atá i gceist le cruthú na saothar le feiceáil tríd síos agus aibhsíonn sé fairsinge agus doimhneacht na tallainne agus na scileanna ealaíonta in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Ar chlár na bliana seo beidh sraith léachtaí Dé Sathairn, an 9 agus Dé Domhnaigh, an 10 Meán Fómhair ó 3-4:30pm, leis na healaíontóirí Eileen MacDonagh agus Conall O’Caoimh agus leis an bplandóir clúiteach, Jimi Blake, chomh maith le turais threoraithe ar na dealbhóireachtaí lasmuigh ar an Satharn ag 11am.
Fógrófar buaiteoirí ghradaim na bliana seo ag an oscailt ar 6 Meán Fómhair agus beidh saothair na mbuaiteoirí ar taispeáint ar fud na nGairdíní fad a mhairfidh an taispeántas.
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí d'Eagarthóirí
Maidir le Dealbhóireacht i gComhthéacs
Bunaíodh Dealbhóireacht i gComhthéacs i 1985 chun próifíl na dealbhóireachta in Éirinn a ardú agus chun ardán a sholáthar d’ealaíontóirí lasmuigh de ghnáth-chomhthéacs an ghailearaí. Is eagraíocht neamhbhrabúis í atá á reáchtáil ag dealbhóirí. Tá an taispeántas ar siúl i nGarraithe Náisiúnta na Lus ó 2002 i leith.
Cuireann Dealbhóireacht i gComhthéacs ealaíontóirí chun cinn agus cruthaíonn sé deiseanna d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh a gcuid saothar a chur ar taispeáint i réimse poiblí níos leithne. Tá deiseanna a bhfuil géarghá leo curtha ar fáil ag an eagraíocht do dhealbhóirí Éireannacha agus neamh-Éireannacha in Éirinn.
CAINT EALAÍNE
Leanfaimis Esther
Is í Esther Raquel Minsky a bheidh ar stáitse anseo.
Dé Sathairn 9 Meán Fómhair ag 2pm
Is imeacht saor in aisce é seo
EILEEN MACDONAGH
Is duine de dhealbhóirí móra na hÉireann í Eileen, agus labhróidh sí faoina gairm bheatha ina ndíríonn sí ar na heilimintí – cloch, adhmad, na céimseataí a fhaightear sa dúlra agus an saineolas atá aici agus í ag obair le scála.
Dé Sathairn 9 Meán Fómhair 2023 ag 3pm
JIMI BLAKE & CONALL O’CAOIMH
Pléifidh an plandóir, garraíodóir agus údar iomráiteach Jimi Blake agus an dealbhóir agus garraíodóir Conall O’Caoimh Dealbhóireacht sa Ghairdín agus tábhacht na cruthaitheachta agus na healaíne inár spásanna amuigh.
Dé Domhnaigh 10 Meán Fómhair 2023 ag 3pm sa Halla Éisteachta i nGarraithe Náisiúnta na Lus. Gheofar na ticéid €10 do chainteanna ar Eventbrite.
Dátaí Taispeántais 7 Meán Fómhair – 13 Deireadh Fómhair
EOLAS FAOI LIOSTÁLACHA
- Taispeántas: Dealbhóireacht i gComhthéacs
- Suíomh: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
- Dátaí: 7 Meán Fómhair – 13 Deireadh Fómhair 2023
- Amanna: Luan-Aoine 09:00-17:00, Satharn-Sun 10:00-18:00.
- Cead isteach: Saor.
- Láithreán Gréasáin: botanicgardens.ie