Fáiltíonn OOP roimh líon mór cuairteoirí isteach ina láithreáin oidhreachta in 2022
- Foilsithe: 26 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Chuaigh 15 milliún cuairteoir isteach trí dhoirse láithreáin oidhreachta OOP
- Méadú 18% ar líon na gcuairteoirí, i gcomparáid le 2021
D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) inniu (25 Aibreán 2023) gur bhliain rathúil eile a bhí in 2022 do líon na gcuairteoirí ar a láithreáin oidhreachta.
Sháraigh líon na gcuairteoirí taifeadta anuraidh 15 milliún, méadú 2.3 milliún ar 2021, méadú de 18%.
Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí bainistiú agus cothabháil ar na foirgnimh stairiúla agus oidhreachta is tábhachtaí in Éirinn. Tugaimid togha na haire do 780 láithreán oidhreachta atá faoinár gcúram agus, ag na 70 láithreán a bhfuil seirbhísí cuairteoirí acu, oibrímid go dian chun iad a chur i láthair chomh maith agus is féidir, ag cinntiú go dtugaimid an t-eispéireas is fearr is féidir do chuairteoirí ó Éirinn agus thar lear.
Léiríonn na huimhreacha na 10 suíomh oidhreachta is fearr i ngach ceann de dhá chatagóir: Áiteanna is díol spéise do Chuairteoirí agus Láithreáin Rochtana In Aisce.

Tá na páirceanna móra, mar Pháirc an Fhionnuisce, Faiche Stiabhna agus páirceanna timpeall ar Theach Bhaile an Chaisleáin, Cúirt Dhún ar Aill agus Caisleán Chill Chainnigh, fós ar bharr an liosta, iad ag feidhmiú i gcónaí mar mhaighnéid ag mealladh daoine ar son a n-áilleacht nádúrtha agus a bhfeidhm áineasa. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcuairteoirí ar láithreacha réigiúnacha aonair eile, mar shampla, Caisleán na Cathrach – buaiteoir gradam anuraidh mar shuíomh Eorpach do scannáin – An Cheathrú Mhór, a fógraíodh mar chuid de Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda na hÉireann anuraidh, Teach agus Gailearaí na Gléibe i gCo. Dhún na nGall, Teachín an Phiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí an Bhlascaoid athchóirithe i gCo. Chiarraí. Go suntasach, thaifead Carraig Phádraig méadú de bhreis is 200% ar chuairteoirí sna 12 mhí roimhe sin.
Anseo, chomh maith le phríomh-shuíomhanna oidhreachta Éireannacha eile mar Chaisleán Bhaile Átha Cliath nó Príosún Chill Mhaighneann, léiríonn líon na gcuairteoirí anuraidh gur tháinig méadú ar ghníomhaíocht turasóireachta agus cuairteoirí.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as OOP, Patrick O’Donovan, T.D.:
“Léiríonn na figiúirí seo go soiléir go bhfuil suim ollmhór sa turasóireacht oidhreachta agus go mbreathnaíonn líon méadaitheach turasóirí agus cuairteoirí baile ar láithreáin oidhreachta na hÉireann mar áiteanna iontacha le cuairt a thabhairt orthu.”
Dúirt an tAire, leis:
“Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil ag éirí go maith leis na suíomhanna seo, idir na tarraingtí íoctha, rud a thugann sárléiríú ar fheidhmíocht turasóireachta na hÉireann, chomh maith leis na suíomhanna, páirceanna agus gairdíní ar féidir leis an bpobal rochtain a fháil orthu saor in aisce ó cheann ceann na bliana.” Cuireann gach láithreán oidhreachta le mórtas áite mhuintir an cheantair sin, leis an ngeilleagar áitiúil agus is áiteanna luachmhara iad ar féidir le cuairteoirí de gach aois eolas a chur orthu agus taitneamh a bhaint astu.”
Gheofar eolas breise ag pressoffice@opw.ie má tá ceist agat nó más mian leat agallamh a shocrú le hurlabhraí.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Líon Iomlán na gCuairteoirí ar Láithreáin Threoraithe OOP 2022 – 15,096,931
Seo a leanas líon na gcuairteoirí do 2022 ar láithreáin atá faoi bhainistíocht OOP ar féidir líon na gcuairteoirí a chlárú iontu: