English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn OPW roimh an taispeántas Sculpture in Context 2022 ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon

Fáiltíonn Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) roimh an 36ú taispeántas Sculpture in Context ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon. Is é seo an taispeántas dealbhóireachta is mó, is tábhachtaí agus is faide saoil sa tír, agus buaicphointe imeachtaí na bliana ag Garraithe Náisiúnta na Lus. Beidh sé ar siúl ó 1 Meán Fómhair go 7 Deireadh Fómhair; tá sé ar oscailt gach lá agus tá cead isteach saor in aisce.

Tá an saothar ealaíne i dtaispeántas na bliana seo le feiceáil ar fud 50 acra de thailte na ngarraithe. Féadfar na dealbha níos lú a fheiceáil ins na tithe gloine agus sa Ghailearaí atá thuas staighre san Ionad Cuairteoirí.

Cuimsíonn an taispeántas saothar ealaíne ó bhreis agus 140 ealaíontóir - Michael Quane RHA, Jen Donnery, Martin O’Keefe, Petr Holecek, Tracey McVerry agus Fiona Smith san áireamh. Úsáidtear réimse dochreidte meán agus léiríonn na saothair ealaíne seo an saibhreas agus an éagsúlacht atá á gcleachtadh ag ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Tá mionsaothair chasta ceirmeacha chomh maith le dealbha cloiche ar mhórscála bailithe le chéile ar an aon láthair seo. Léirítear sláine ealaíne agus scil theicniúil araon ins na saothair seo ar fad agus taispeántar réimse agus doimhneacht an chumais ealaíne atá go flúirseach in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Ar lá oscailte an taispeántais ar 31 Lúnasa, fógrófar iad siúd a bhuaigh Gradaim na bliana seo; beidh saothar na mbuaiteoirí sin ar taispeáint ar fud na nGarraithe le linn an taispeántais.


Um breis eolais nó íomhánna, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Bunaíodh Sculpture in Context in 1985 chun próifíl na dealbhóireachta in Éirinn a ardú agus ardán a sholáthar do lucht ealaíne lasmuigh den ghnáthearnáil gailearaithe. Eagras seachbhrabúsach atá ann, á reachtáil ag dealbhóirí. Tá an taispeántas ar bun i nGarraithe Náisiúnta na Lus ó 2002 anuas.

Cothaíonn Sculpture in Context ealaíontóirí agus cruthaíonn sé deiseanna do lucht ealaíne a gcuid saothair a thaispeáint i láithreacha leathana poiblí. Is mó deis atá curtha ar fáil ag an eagras le haghaidh dealbhóirí as Éirinn agus as tíortha eile araon.

Taispeántas: Sculpture in Context

Áit: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon

Dátaí: 1 Meán Fómhair – 7 Deireadh Fómhair 2022

Am: Luan-Aoine 10:00-17:00, Satharn-Domhnach 10:00-18:00.

Cead Isteach: Saor in aisce – féadfar turais ghrúpa na nGarraithe agus na dTaispeántas a chur in áirithe trí Evenbrite https://www.eventbrite.ie/e/daily-guided-tours-of-the-national-botanic-gardens-tickets-410360287667

Suíomh Gréasáin: botanicgardens.ie