English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte roimh chách chuig Caisleán Parkes chun na héin a chloisteáil

Fáilte chuig Caisleán Parkes chun éagsúlacht nádúrtha Éireann a cheiliúradh, le réimse imeachtaí le linn na Seachtaine Náisiúnta Bithéagsúlachta.

Um an deireadh seachtaine seo, tá imeachtaí gach lá, chun tús na Seachtaine Náisiúnta Bithéagsúlachta a cheiliúradh.

Dé Sathairn 20 Bealtaine - 10am Siúlóid um éisteacht le Ceol na nÉan i nGleann álainn Chartrúin, faoi threoir Michael Bell (Nature Learn & Birdwatch Ireland); plé ar an ábhar céanna sa Chaisleán, 11.30am.

Dé Domhnaigh 21 Bealtaine – 12 nóin – 2pm Fáilte roimh theaghlaigh um eolas a chur ar bhithéagsúlacht leis an Dr Dolores Byrne, OTA – luibheolaí & éiceolaí.

Dúirt an tAire um OPW Patrick O’Donovan:

“Mar eagraíocht, tá OPW tiomanta um bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint agus a neartú. Agus sinn ag dearadh nó ag athchóiriú tailte, foirgnimh nó uiscebhealaí chun an fiadhúlra a chosaint, táimid ag saothrú chun speicis dúchais agus a ngnáthóga a thacú gach áit is féidir. Molaimid don phobal cuidiú linn ag láithreacha uile OPW chun an bhithéagsúlacht againne sa tír seo a chothú feasta.”

Dúirt Emma Timoney, Príomhthreoraí ag Caisleán Parkes:

“Is féidir linn glacadh le 35 duine ar an tsiúlóid, mar sin molaimid áirithint a dhéanamh ar Eventbrite don líon teoranta áit. Is mian linn freastal ar chách ach an tionchar is lú a imirt ar thimpeallacht nádúrtha na gcoillte. Braitheann an saol ar fad ar bhithéagsúlacht. Braitheann gach speiceas, daoine san áireamh, ar an nasc le plandaí, ainmhithe agus gnáthóga.“

“Le linn na seachtaine beidh grúpaí ó scoileanna áitiúla linn i gcomhar le clár Oidhreacht sna Scoileanna ag An Chomhairle Oidhreachta.”

“Dé Máirt 23 Bealtaine, beidh turas flóra ar bhallaí agus forbhallaí an chaisleáin. Is é seo an chéad uair againn anseo Seachtain Bhithéagsúlachta a cheiliúradh. Tá áthas orainn fáilte a chur roimh an phobal chun áilleacht agus iontas Chaisleán Parkes a thaispeáint.”

Le linn an dara deireadh seachtaine beidh ceardlanna bithéagsúlachta cois locha dírithe ar theaghlaigh.

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce ach is gá áirithint a dhéanamh trí Eventbrite.

Um breis eolais, féach facebook.com/parkescastle nó seol ríomhphost chuig parkescastle@opw.ie.

Le bliain anuas, rinneadh iniúchtaí bithéagsúlachta ag deich láthair oidhreachta atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).

Is cuid iad na hiniúchtaí seo den straitéis chúig bliana um ghníomhaíocht bithéagsúlachta ag OPW, a seoladh i 2022. Fuarthas amach go bhfuil gá le forairdeall leanúnach chun smacht a choimeád ar phlandaí ionracha neamhdúchais (NNIS).

Rinne JBA Consulting na hiniúchtaí. Léiríodh go raibh an-saibhreas bithéagsúlachta ag na láithreacha ar fad, idir tuath agus baile; tugadh moladh mór do shaothar OPW um an bhithéagsúlacht sin a chaomhnú agus a neartú.


Um breis eolais déan teagmháil le: pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí:

Bunaithe ar an Straitéis um Ghníomhaíocht Bithéagsúlachta a foilsíodh i mBealtaine 2022, tá líon gníomhaíochtaí déanta ag OPW.

Le déanaí foilsíodh iniúchtaí bithéagsúlachta ag deich láthair oidhreachta ar fud na tíre, mar chuid den straitéis chúig bliana um ghníomhaíocht bithéagsúlachta a seoladh anuraidh. Fuarthas amach go bhfuil gá le forairdeall leanúnach chun smacht a choimeád ar phlandaí ionracha neamhdúchais (NNIS). Moladh lárnach ón tuarascáil seo is ea pleananna um bainistiú NNIS a thabhairt chun cinn; rinneadh é seo agus tá na pleananna dá bhfeidhmiú faoi láthair.

Fuarthas freisin go rachadh soilsiú comhbhraiteach chun sochair ialtóga ag cuid de na láithreacha, chomh maith le crios dorcha a choimeád idir na faraí agus láithreacha foráiste.

Léiríodh go raibh an-saibhreas bithéagsúlachta ag na láithreacha ar fad, idir tuath agus baile; tugadh moladh mór do shaothar OPW um an bhithéagsúlacht sin a chaomhnú agus a neartú.

Tugadh suntas ar leith do na modhanna reatha bainistíochta ag Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid, atá fíoréifeachtach maidir le bithéagsúlacht a chothú.

Dúirt an tuarascáil:

‘Léiríonn gnáthóga Iarscríbhinn 1 anseo an bhainistíocht den scoth ag foireann na láithreach seo. Chomh maith leis sin, taispeánann stádas na láithreach seo mar shuíomh samplach caighdeánach don Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí an leibhéal ard atá bainte amach anseo.’

Ón uair a seoladh an straitéis, tá sraith tionscnamh curtha i bhfeidhm ag OPW chun bithéagsúlacht a chothú agus a chosaint, tráth a bhfuil sé faoi bhrú atá ag dul i méid i gcónaí.

Tá liosta iomlán imeachtaí na Seachtaine Bithéagsúlachta ag láithreacha OPW ar fud na tíre ag the Heritage Ireland website.