English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Féachann an tAire O’Donovan chuig séasúr nua ag Caisleán Dheasumhan, An Caisleán Nua, agus fógraíonn sé ceapadh comhairleoirí agus sraith oibreacha feabhsaithe

Athosclófar Caisleán Dheasumhan, An Caisleán Nua, ar an Déardaoin 7 Aibreán, i dteannta le cuid mhór eile de na láithreacha oidhreachta OPW ar fud na tíre. Léirigh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., oibreacha feabhsaithe ansin atá ar intinn ag OPW i mbliana. Orthusan ceapfar comhairleoirí chun tionscadal fadtéarma um dhíon nua a chur ar an Halla Mór a chur chun cinn, maraon le comharthaí nua agus crainn brataí ar an láthair.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil oibreacha feabhsaithe ar intinn ag OPW ar an dtarraingt turasóireachta seo atá i gcroílár An Chaisleáin Nua. Féadfaidh turasóirí cead isteach saor in aisce a fháil ar thurais threoraithe sa chaisleán meánaoiseach, mar a bhfuil ceann de na fleitithe is taibhsí in Éirinn, agus féadfaidh siad freisin úsáid a bhaint as suíocháin nua sa chlós lasmuigh a chuirfear isteach le linn séasúir 2022.”

Don chéad uair ó osclaíodh Caisleán Dheasumhan don phobal in 1998, tháinig 19,408 gcuairteoir ann anuraidh, an líon is mó fós, in ainneoin na paindéime agus na srianta ar thaisteal agus ar athoscailt na láithreacha oidhreachta a mhair go déanach san earrach. Ba mhéadú 53% é seo ar 2019, an bhliain réamhphaindéime.

Ag féachaint ar aghaidh chuig séasúr 2022, dúirt an tAire O’Donovan:

“Osclaíodh Glasbhealach Luimnigh anuraidh agus mar sin tá deis don chéad uair ag lucht rothaíochta áilleacht Iarthair Luimnigh a chuardach agus Caisleán Dheasumhan sa Chaisleán Nua a aimsiú. Laistigh de chúig mhí ó osclaíodh é i mí Iúil seo caite, bhain breis agus 220,000 duine úsáid as an Glasbhealach. Níl amhras orm ach go rachaidh an líon cuairteoirí i méid amach anseo. Neartaíonn an Glasbhealach tarraingt turasóireachta an cheantair ar fad, ag nascadh áiteanna spéislúla ó Ráth Caola tríd An Chaisleán Nua agus an bealach ar fad go teorainn Chiarraí”.

Tá Caisleán Dheasumhan, An Caisleán Nua, ar fáil le haghaidh turais scoile saor in aisce. Féadfar freisin áirithint a dhéanamh um ghrianghraif phósta ach glao ar 069-77408.

Féach Heritage Ireland um eolas breise a fháil ar an láthair oidhreachta seo agus ar iliomad láithreacha oidhreachta eile ar fud Éireann atá faoi chúram OPW.

CRÍOCH

Tá grianghraif ar fáil ó Marie Keating photography ag mariekeating@gmail.com nó déan teagmháil le pressoffice@opw.ie..

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works