‘Féile Dhoire Fhionnáin’ ar siúl arís in Uíbh Ráthach i gCiarraí an deireadh seachtaine seo
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh féile teaghlaigh Dhoire Fhíonáin ar siúl arís an deireadh seachtaine seo chun oidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha Dhoire Fhíonáin agus an phobail máguaird i gCiarraí Theas a cheiliúradh. Tá an fhéile á léiriú, á leagan amach agus á maoiniú ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó 2014 i leith. Beidh clár beomhar de ghníomhaíochtaí saor in aisce, siúlóidí, cainteanna agus turais ann do gach aoisghrúpa.
Tá go leor de sholáthraithe na ngníomhaíochta ina gcónaí sa cheantar -- beidh topaicí amhail saol na mara agus gníomhaíochtaí leanaí, filíocht, ealaín, fiadhúlra agus siúlóidí oidhreachta, cainteanna agus turais, don teaghlach ar fad. Tá rogha mhór gníomhaíochtaí ann, ina measc Tóraíocht Taisce Dúlra le Baillitheoirí Eolais Tionscadal Beo UCC, Ióga Luí na Gréine le Louise Weinzweig, Siúlóid Phlandaí Fiáine Leighis le Niall Hogan agus Seaschéaslóireacht & Cadhcáil le Helen Wilson mar shampla. Gheofar liosta iomlán gníomhaíochtaí ar Heritage Ireland.
In 2023 tá lúcháir orainn roinnt gníomhaíochtaí Gaeilge a chur san áireamh i gcomhar le Brí Uíbh Ráthaigh, Plean Teanga Chiarraí Theas. Ní gá áit a chur in áirithint le haghaidh na n-imeachtaí seo ach mholfaimis do gach duine a bheith ann sula dtosaíonn siad.
Beidh an fhéile ar siúl ó thráthnóna Dé hAoine, 9 Meitheamh go dtí Dé Domhnaigh, 11 Meitheamh agus is deis iontach í chun eolas a chur ar ‘Doire Fhíonáin’ agus a thírdhreach agus a chultúr speisialta.
Ag labhairt dó roimh an lainseáil Dé hAoine, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O’Donovan, T.D.:
>“Is deis iontach é Deireadh Seachtaine Dhoire Fhíonáin don teaghlach ar fad cuairt a thabhairt ar an timpeallacht ar leith seo agus foghlaim faoi trí na himeachtaí iontacha atá ar siúl. Tá clár lán d’imeachtaí ann, a thugann deiseanna do chách chun eolas a chur ar oidhreacht shaibhir, cultúr, bithéagsúlacht agus saol na mara anseo, mar sin ba mhaith liom iarraidh ar gach duine teacht agus taitneamh a bhaint as na himeachtaí ar fad an deireadh seachtaine seo.”
Tá an chuid is mó de thailte stairiúla Dhónaill Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin mar chuid de Pháirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin anois, faoi bhainistíocht rannóg Seirbhísí Oidhreachta an OOP. Tá saibhreas oidhreachta nádúrtha agus cultúrtha sa 300 heicteár de thailte, lena n-áirítear gairdíní áille, cósta fairsing agus tránna, coillearnach darach nádúrtha agus láithreáin seandálaíochta.
Gheofar eolas breise, grianghraif agus deiseanna agallaimh ach glaoch ar pressoffice@opw.ie. Beidh grianghraif ón lainseáil le fáíl ó Valerie O’Sullivan ag valerieosullivanf8@gmail.com.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Deireadh Seachtain Dhoire Fhíonáin – sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí agus na n-imeachtaí saor in aisce, lena n-áirítear siúlóidí treoraithe, ceardlanna agus gníomhaíochtaí teaghlaigh ó Féile Dhoire Fhionnáin 2023
Teach Dhoire Fhionáin agus an Pháirc Náisiúnta Stairiúil
Ba é Teach Dhoire Fhíonáin, atá suite 3.5km ó Chathair Dónall, Co. Chiarraí, áit chónaithe Dhónaill Uí Chonaill agus a shinsir agus is músaem é anois atá dírithe ar shaol Dhónaill Uí Chonaill agus ar a éachtaí. Aistríodh Doire Fhíonáin go dtí an Stát i 1964 agus tá an chuid is mó de shean-dhiméin Dhoire Fhíonáin san áireamh anois i bPáirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, ceantar thart ar 120 heicteár atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).
Tá 1.5km de chladach i bPáirc Náisiúnta Stairiúil Dhoire Fhíonáin, atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, le dumhcha agus tránna, lena n-áirítear trá a bhfuil Brat Gorm aige. Tá éagsúlacht de chonairí ar fud na dtailte, lena n-áirítear cuid de Shlí Chiarraí, Conair Aifrinn agus cosán dúlra cladaigh.
Gheofar eolas ar tháillí agus ar amanna oscailte ag www.heritageireland.ie