English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Féile Plandeolaíochta ag Garraithe Náisiúnta na Lus

  • Ócáid: Féile chun plandaí agus plandeolaíocht a chomóradh agus a scrúdú
  • Am: 14 – 20 Samhain
  • Áit: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon, Baile Átha Cliath, Éire

Mar chuid den tSeachtain Eolaíochta beidh Féile Plandeolaíochta ag Garraithe Náisiúnta na Lus chun plandeolaíocht a scrúdú agus a chomóradh. Ag ceann de na suímh is mó tábhacht ag Oifig na nOibreacha Poiblí, léireofar saol spéisiúil éagsúil na bplandaí, idir na síolta is lú agus na crainn is airde, chun léargas a thabhairt ar phlandeolaíocht sa saol againne – agus tá sé ar fad saor in aisce!

Le linn na seachtaine, beidh ceardlanna, tástála agus cainteanna chun scéal na bplandaí a thabhairt chun solais. I bpríomhchaint na féile ag an Ollamh Liam Dolan ar an Aoine 18 Samhain, léireofar plandeolaíocht agus éabhlóid na bplandaí chun an t-am atá caite a mhíniú agus an comhshaol againn feasta a chuardach.

Baineann taighde a rinne an tOllamh Dolan feidhm as géinitic agus iontaisí chun a thaispeáint conas a athraigh plandaí, ó alga simplí go plandaí casta mar chrainn, thart faoi 450 milliún bliain ó shin, éabhlóid a athraigh an pláinéad agus an aeráid – turas spéisiúil ar shaol na bplandaí ar fud an domhain. Cuir ticéid in áirithe anseo. Book tickets for the keynote.

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na n-Oibreacha Poiblí:

“Tá áthas orm clár spreagúil imeachtaí agus gníomhú le plandeolaíocht a fheiceáil. I mí Bhealtaine seo caite, fuarthas amach ó thaighde go bhfuil breis agus a leath den phobal (56%) aineolach maidir le cuidiú le feabhsú bithéagsúlachta, cé gur mian le móramh mór (90%) a gcion a dhéanamh chun bithéagsúlacht in Éirinn a fheabhsú. Ag OPW seoladh Straitéis um Ghníomhaíocht Bithéagsúlachta chun bithéagsúlacht a fheabhsú ar fud na n-oibríochtaí ar fad againn”.

“Suíomh speisialta de thábhacht náisiúnta sa Stát is ea Garraithe Náisiúnta na Lus. Is iontach a fheiceáil go bhfuil daoine ag teacht anseo chuig an fhéile plandeolaíochta mar chuid den tSeachtain Eolaíochta, chun tuiscint a fháil ar bhunús na héiceolaíochta agus na bithéagsúlachta againn”.

Ar na himeachtaí le linn na seachtaine beidh cleachtadh um ghabháil sonraí in áras na luibheanna. Beidh cainteanna agus léirithe gach lá ag 2pm agus 3pm agus turais gach lá ón Ionad Cuairteoirí.

Ar an Aoine 18 beidh lá gairme agus taispeánfar cuid den taighde atá ar siúl sa réimse seo. Beidh fáilte roimh mhic léinn meánscoile agus idirbhliana ach go háirithe. Féadfar sliotán ama a chur in áirithe anseo. book a time slot.

Ar an Satharn 19 beidh imeachtaí don teaghlach ar fad, le tástála agus ceardlanna lusealaíne. Spreagfar teaghlaigh chun scrúdú a dhéanamh ar conas a chuireann duilleoga plandaí iad féin in oiriúint don chomhshaol thart timpeall orthu.

Cuirfidh foireann na nGarraithe fáilte romhat ar na turais – beidh rud éigin do chách le feiceáil.

Cuireann OPW fáilte romhat chuig Garraithe Náisiúnta na Lus le linn na féile le haghaidh cainteanna, léirithe, turais, ceardlanna lusealaíne, agus tástála idirghníomhacha.

CRÍOCH

Um breis eolais agus grianghraif, déan teagmháil le pressoffice@opw.ieinfo@photocallireland.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works

Eolas faoi Imeachtaí

Gabháil sonraí agus tástála idirghníomhacha

Luan 14 go hAoine 18, 10:00 - 16:00, Áras na Luibheanna : Gabháil sonraí

Satharn 19, 10:00 - 16:00, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Are Plants Afraid of Heights – Looking at the Response of Leaves to Height

Scrúdófar conas a théann uisce isteach i nduilleoga na gcrann. Baileofar duilleoga um thomhas, chun a fheiceáil conas a mhaireann crainn 30 méadar os cionn talún.

Satharn 19, 10:00 - 16:00, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Plant Adaptation to Environment – leaf margin and temperature

Léireofar conas a chuireann plandaí iad féin in oiriúint don saol thart timpeall orthu, ag féachaint ar an gcoibhneas idir imeall na nduilleog i bplandaí éagsúla agus an teocht timpeallachta.

Satharn 19, gach uair ó 11:00 go 15:00, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Become a Tree in Virtual Reality. Bain triail as réaltacht fhíorúil, ar thuras ón síol beag chuig crann ard.

Tástála agus Léirithe

Gach lá san Ionad Cuairetoirí

Cuardaigh saol an dúlra trí shúile linbh agus le cabhair ó mhíocrascóp

Aoine 18, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Making Modern Papyrus: experiments with Irish materials and Egyptian techniques

le Jill Unkel, Cúramóir Bhailiúchán an Iarthair agus Kristine Rose-Beers, Ceann Caomhnaithe ag an Chester Beatty ag taispeáint conas Paipír a dhéanamh. Is comhléiriú é seo le First Fragments: Biblical Papyrus from Roman Egypt, taispeántas ag an Chester Beatty (28 Deireadh Fómhair 2022 – 3 Meán Fómhair 2023).

Satharn 19, 11:00, uasmhéid 12 comhpháirtí

Conserving Natural Heritage

Ceardlann síolta dúchais le grúpaí pobail faoi chuireadh, á léiriú ag teagascóirí agus mic léinn ó Choláiste Gairneoireachta Áineasa – Teagasc.

Satharn 19, 11:00, uasmhéid 12 comhpháirtí

Soil is Alive – Soil Fauna

Ceardlann fhána cré le grúpaí pobail faoi chuireadh, á léiriú ag teagascóirí agus mic léinn ó Choláiste Gairneoireachta Áineasa – Teagasc.

Turais

Déardaoin 17 & Satharn 19 ag 14:00

Bark Life – A bark themed tour

Turas timpeall na nGarraithe chun fíricí spéisiúla faoi choirt a aimsiú agus conas a úsáidtear coirt in iliomad gnéithe de shaol an domhain.

Céadaoin 16 & Domhnach 20 ag 14:00

Biomimicry Themed Tour

An raibh a fhios agat gur ó cheann síl a tháinig an smaoineamh Velcro a cheapadh? An féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt cad iad na plandaí as ar cruthaíodh péint uiscedhíonach? Léiríonn an turas seo conas a spreagann an dúlra eolaithe chun fionnachtana nua a cheapadh.

Ceardlanna Ealaíne

Aoine 18, 11:00, uasmhéid 12 comhpháirtí, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Printing with Plants – Ceardlann Aintótípe le Kasia Kaminska Cuir ticéid saor in aisce in áirithe anseo

Léireoidh Kasia Kaminska an próiseas clódóireachta aintótípe – próiseas grianghrafadóireachta inbhuanaithe le plandaí, páipéar agus an ghrian. Léireofar an próiseas – ábhair a bhailiú agus iad a ullmhú don chló. Féadfar priontaí a thabhairt abhaile agus iad a nochtadh faoin ghréin. Fáilte roimh gach leibhéal.

Satharn 19, 11:00 - 15:00, Gailearaí, Ionad Cuairteoirí

Ceardlann Lusealaíne do pháistí

Léireoidh an luibhealaíontóir Siobhán Larkin ceardlann le linn an lae chun léargas a thabhairt ar na naisc idir luibhealaíon agus léiriú eolaíochta. Féadfaidh páistí páirt a ghlacadh chun a fheiceáil ar bhealach eolaíochta na teicnící a bhaineann le himeachtaí bunaithe ar an nádúr agus léiriú luseolaíochta.