English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Féile staire LADTI+ le seoladh ag Músaem Phríosún Chill Mhaighneann

Léacht faoi chomspóid Ruairí Mhic Asmaint i dtimpeallacht stairiúil Phríosún agus Teach Cúirte Chill Mhaighneann

Tá áthas ar Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann a fhógairt go dtabharfaidh Jeffrey Dudgeon, staraí, gníomhaí um chearta daoine aeracha agus polaiteoir, léacht ann ar an Aoine 18 Marta ag 6.30pm. Is é The Casement Diaries – Authenticity and Homosexual Identity an ócáid oscailte ag OUTing the Past 2022: The International Festival of Lesbian Gay Bisexual & Trans History – clár spreagúil imeachtaí, cainteanna, seimeanáir gréasáin agus ceardlanna a bheidh ar siúl i 15 suíomh – gailearaíthe, músaeim, leabharlanna agus cartlanna – ar fud Éireann ó 18 Márta go 10 Aibreán 2022.

Féachfaidh an léacht seo ar an gconspóid maidir leis na ‘Dialanna Dubha’ de chuid Mhic Asmaint ina gcuireann sé síos go lom oscailte ar na teagmhála homaighnéasacha a bhí aige ar fud an domhain. D’aimsigh na húdaráis na dialanna nuair a gabhadh é faoi chúiseamh um ardtréas tar éis Eirí Amach na Cásca 1916. Ag an am sin, agus ó shin i leith, cheap mórán gur scríbhinní bréagacha iad; leanann an chonspóid maidir leo agus maidir le pearsantacht Mhic Asmaint mar fhear aerach go dtí an lá inniu, cé go nglacann móramh lucht staire anois gur fíorscríbhinní iad. Féachfaidh an chaint ar an gconspóid seo agus ar an gcaoi a thugann sé léargas ar dhearcadh phobal Éireann maidir le homaighnéasacht.

Dúirt Jeffrey Dudgeon:

“Is duine conspóideach é Ruairí Mhic Asmaint fós inniu, breis agus céad bliain ó cuireadh chun báis é mar gheall ar ardtréas....léiríonn sé conas mar a tháinig daoine aeracha cáiliúla isteach ó na himill agus conas ba dheacair do mhuintir le hÉireann plé leis sin.”

Ghlac Jeffrey Dudgeon páirt tosaíoch i gCumann Thuaisceart Éireann um Chearta Daoine Aeracha ó bunaíodh é in 1975. Thug sé cás chuig An Chúirt Eorpach um Chearta Daonna agus ag éirí uaidh sin cuireadh dlí i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann in 1982 a dhíchoiriúlaigh iompar homaighnéasach príobháideach idir fhireannaigh fásta. In 2002 d’fhoilsigh sé Roger Casement: The Black Diaries – With a Study of his Background, Sexuality, and Irish Political Life. Leanann sé leis ag saothrú ar cheisteanna um athchóiriú dlí maidir le cúrsaí aeracha, leis na póilíní maidir le coireanna i gcoinne daoine LADTI+ agus cuidíonn sé le daoine faoi dheacrachtaí dlí. Bronnadh MBE air in 2012 as “seirbhísí don phobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach i dTuaisceart Éireann.” Bhí sé ina Chomhairleoir Aontachtaí Uladh ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ó 2014 go 2019.

Beidh an léacht ar siúl san iartheach cúirte i gCill Mhaighneann, taobh leis an bpríosún inar cuireadh 14 ceannaire eile in Éirí Amach na Cásca 1916 chun báis.

Dúirt Brian Crowley, Coimeádaí na mBailiúchán ag Príosún Chill Mhaighneann:

“Is geal linn anseo ócáid oscailte Outing The Past Festival 2022 a chur i láthair. Tionscnamh tábhachtach é seo a thugann aghaidh ar an gcaoi ar ceileadh saol daoine LADTI+ agus a thugann cuireadh don phobal cuardach a dhéanamh ar scéalta a bhí ceilte nó bréagnaithe san am atá caite."

Tá cead isteach saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré via Eventbrite - eventbrite.ie .

Craolfar beo é ar chainéal YouTube GCN (Gay Community News). Um breis eolais agus íomhánna ardchaighdeáin, déan teagmháil le Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag 086 8079071 nó brian.crowley@opw.ie.

CRÍOCH

Nótaí le haghaidh eagarthóirí

• Tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann suite ag Bóthar Inse Chór, Baile Átha Cliath 8, ar oscailt ó 9.30am go 5.30pm gach lá (cead isteach deireanach 5pm).