Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Moran saorchead isteach do gach cuairteoir faoi 18 bliain d’aois chuig láithreáin oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i rith mhí Lúnasa

  • Tabharfaidh an tionscnamh píolótach seo deis do dhaoine óga iniúchadh a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar a n-oidhreacht i rith mhí Lúnasa
  • Beidh rud éigin ar fáil a mbainfidh gach teaghlach taitneamh as, ar nós, Achaidh Chéide agus Caisleán agus Gairdíní Ros Cré

D’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) inniu go mbeidh saorchead isteach ag gach duine faoi bhun 18 bliain d’aois chuig láithreáin oidhreachta ar fud na tíre i rith mhí Lúnasa 2025.

Tabharfaidh an tionscnamh píolótach seo deis do chuairteoirí faoi bhun 18 bliain d’aois  iniúchadh a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar a n-oidhreacht i rith an tsamhraidh agus de bhrí go mbeidh saorchead isteach beidh ar chumas gach duine san aoisghrúpa seo cuairt a thabhairt ar na láithreáin.

Is acmhainní oideachais thar a bheith luachmhar atá i láithreáin oidhreachta OPW,  agus cuidíonn siad le tuiscint níos doimhne ar an am atá thart a chothú i  measc na nglúnta ar fad.

Le linn dó a bheith ag seoladh an tionscnamh seo, dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran:

Tá lúcháir orm a fhógairt go mbeidh saorchead isteach ag gach duine faoi 18 chuig láithreáin oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí i rith mhí Lúnasa, mar chuid de scéim phíolótach nua. Tá an t-ádh linn go bhfuil caisleáin, séadchomharthaí agus réadmhaoin stairiúil iontach againn ar fud na tíre mar is acmhainní oideachais thar a bheith luachmhar iad seo chomh maith.

Molaim do na daoine óga ar fad dul amach agus iniúchadh a dhéanamh ar a n-oidhreacht áitiúil an samhradh seo. Is áiteanna den scoth iad ár láithreáin chun bualadh le cairde, láithreán fíorspéisiúil a fheiceáil agus rud éigin deas le hithe a fháil sa chaifé áitiúil’.

Scattery Island visit 7A

Tá réimse eispéiris oidhreachta spéisiúla ar fáil ar fud na tíre, ar nós,  caisleáin, túrthithe, mainistreacha, láithreacha catha, gairdíní lusanna agus dúnfoirt mhíleata agus beidh saorchead isteach chuig na láithreáin ag daoine faoi 18 bliain d’aois.

Caisleán agus Gairdíní Ros Cré agus Teach Damer atá suite i gcroílár Ros Cré, Co. Thiobraid Árann go hiontach i gcomhair thurais lae. Bainfidh gach duine taitneamh as an gcaisleán cloiche móta, Teach stairiúil Damer agus na gairdíní iontacha.

Téigh ag eachtraíocht ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin go dtí Ionad an Bhlascaoid chun oidhreacht liteartha oileáin an Bhlascaoid a bhlaiseadh nó bain sult as radharcanna drámatúla oileánra an Bhlascaoid ón ardán féachana, atá insroichte ar bharr na haille.

D’fhéadfá cuairt a thabhairt ar Sheoid ón ré Túdarach, is é sin Caisleán Urmhumhan, i gCo. Thiobraid Árann nó d’fhéadfá eolas a fháil faoi na chéad fheirmeoirí in Éirinn ag láithreán Achaidh Chéide, i dTuaisceart Mhaigh Eo.


I mBaile Átha Cliath, tabhair cuairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath áit a bhféadfaidh tú foghlaim faoi bhreis agus 1,000 bliain de stair Bhaile Átha Cliath sna Seomraí Stáit, san Uaimh agus sa Séipéal Ríoga nó téigh ar siúlóid ghearr chuig Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim chun na scéalta maidir le tógáil, dó agus athchóiriú an tséadchomhartha aitheanta seo i mBaile Átha Cliath a iniúchadh.

Tá réimse roghanna turais ar fáil chun do chuairt a phleanáil i mí Lúnasa. Tá turais lae, turais seachtaine  agus turais speisialta ar fáil.  Tá rud éigin a mbainfidh an teaghlach ar fad taitneamh as ar fáil ag Itineraries | Heritage Ireland.

Chun breis eolais a fháil faoin gclár imeachtaí i gcomhair Saorchead Isteach do Dhaoine Faoi 18 agus faoi théarmaí agus coinníollacha uile an tionscnamh píolótach seo, tabhair cuairt ar https://heritageireland.ie/free_admission_u18

Nótaí

* Tá scéim phíolótach um Shaorchead Isteach do Dhaoine Faoi 18 i bhfeidhm faoi láthair ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Lúnasa 2025. Ní mór duine fásta a bheith i dteannta gach páiste faoi 18 bliain d’aois.

* Tá an scéim reatha um Shaorchead Isteach do Dhaoine Faoi 12 anois leathnaithe go scéim um Shaorchead Isteach do Dhaoine Faoi 18 ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Lúnasa.

* Beidh Saorchead isteach chuig gach láithreán ina n-íoctar táille seachas Príosún Chill Mhaighneann agus Brú na Bóinne. Tá liosta iomlán de Láithreáin Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí le fáil ar heritageireland.ie.