English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan & an tAire Entee iarratas pleanála um Cheannáras Ceantair nua an Gharda Síochána sa Chaisleán Nua

Inniu, 8 Meán Fómhair 2022, d'fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí go bhfuil iarratas pleanála seolta um stáisiún an Gharda Síochána sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh, a scriosadh agus Ceannáras Ceantair GS nua a thógáil ina áit. D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee T.D. é seo inniu ar láthair an stáisiúin nua sa Chaisleán Nua.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm a fhógairt gur seoladh an t-iarratas pleanála, rud a thaispeánann ár dtiomantas um Cheannáras Ceantair nua don Gharda Síochána a thógáil sa Chaisleán Nua. Ar chríochnú dó, cuirfidh an foirgneamh seo le láthair phoiblí an bhaile agus bonneagar póilíneachta an bhaile agus an cheantair mórthimpeall.”

Sa Cheannáras Ceantair nua don Gharda Síochána beidh foirgneamh nua trí stór - 1151 mhéadar cearnach ar láthair thart faoi 0.1651 heicteár. Scriosfar an seanstáisiún ar an láthair agus freastalóidh an foirgneamh nua ar riachtanais oibríochta, feidhmíochta agus cóiríochta atá de dhíth ar mhúnla nua oibríochta an Gharda Síochána.

Beidh foirgneamh brící trí stór chun tosaigh ar an láthair agus clós slándála ar gcúl. Beidh an foirgneamh suite siar ón tsráid, agus beidh pailliún aon stór chun tosaigh mar bhealach isteach don phobal. Beidh dearadh na mbrící ag teacht le pailéad ábhair na bhfoirgneamh poiblí eile ar an mbaile agus aghaidh an fhoirgnimh chun na sráide mar léiriú ar nádúr cathartha an stáisiúin Gharda.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá áthas orm go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas chun stáisiún nua an Gharda Síochána a thógáil sa Chaisleán Nua. Is dul chun cinn tábhachtach é seo maidir le póilíneacht sa Chaisleán Nua agus sa cheantar mórthimpeall. Ar chríochnú dó, beidh láthair oiriúnach um chríche do bhaill an Gharda Síochána, rud a neartóidh seirbhís an Gharda don phobal áitiúil”.

Ar chríochnú an tionscadail beidh bealach isteach nua poiblí a bheidh inrochtana do chách agus áiseanna nua do na Gardaí a bheidh ag teacht le stádas an stáisiúin nua sa réigiún.

Ar chríochnú an tionscadail beidh an cumas breise bonneagair phóilíneachta sa Chaisleán Nua agus sa réigiún Iarthair-Láir is gá chun freastal ar éilimh an lae inniu agus amach anseo. Tá géarghá leis an stáisiún nua maidir le seirbhísí póilíneachta a sholáthar mar thaca le straitéis fhorleathan eagraíochta an Gharda agus freagracht níos aclaí agus níos freagraí a thabhairt chun sábáilteacht na bpobal áitiúil a fheabhsú.


Grianghraif ar fáil ó Marie Keating mariekeatingphotography@gmail.com

Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works