English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Donovan ceadú maoinithe do Mhionoibreacha Maolaithe Tuilte ag Crosaire Gullets, An Cheathrú Mhór, Chláir.

Tá fógartha ag an Aire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil iarratas Chomhairle Contae an Chláir ar mhaoiniú faoi Mhionoibreacha Maolaithe Tuilte agus Scéim Cosanta Cósta Oifig na nOibreacha Poiblí ceadaithe. Faoin scéim, tá maoiniú de €76,500 ceadaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) chun an sreabhadh a atreorú ón tobar go sruthán in aice láimhe, agus chun thart ar 10 lintéar bóthair agus draein stoirme a shuiteáil chun aon uisce dromchla a bhaint.


Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Sa bhliain 2009 a thug Oifig na nOibreacha Poiblí an Scéim Mionoibreacha Maolaithe Tuilte agus Cosanta Cósta isteach. Ó shin i leith, tá tacaíocht tugtha ag Comhairle Contae an Chláir do 39 iarratas ar mhaoiniú faoin scéim (floodinfo.ie/county.).

Is é cuspóir na scéime maoiniú a chur ar fáil d’údaráis áitiúla chun tabhairt faoi mhionoibreacha maolaithe tuilte nó staidéir chun aghaidh a thabhairt ar thuilte áitiúla agus ar fhadhbanna cosanta cósta laistigh dá gceantair riaracháin. Is gnách an scéim a úsáid nuair is féidir réiteach a aithint go héasca agus a bhaint amach i dtréimhse ama gearr.

Faoin scéim, breithnítear iarratais do thionscadail a mheastar nach gcosnóidh níos mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas le 90% den chostas ar fáil do thionscadail cheadaithe. Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí iarratais a mheasúnú ag féachaint do shainchritéir eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na scéime, lena n-áirítear cóimheas costais is tairbhe.

Go ginearálta ní bhreithneofar oibreacha atá faoi ghnáthchúram na n-údarás áitiúil do mhaoiniú OOP. Sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha an baol ó thuilte do réadmhaoin freisin, féadfaidh OOP páirtmhaoiniú a bhreithniú.

Caithfidh na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar suntasach ag na hoibreacha ar bhaol tuilte in áiteanna eile.

Is faoi gach Údarás Áitiúil lena mbaineann é tosú agus dul chun cinn aon oibreacha a bhfuil maoiniú ceadaithe ina leith.

Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear liostaí bliantúla de thionscadail a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh faoin scéim seo, ar fáil ag floodinfo.ie/minor-works.