English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú €122,445 faofa faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Cósta

D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó na Comhairlí Contae seo a leanas faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta:

  • Comhairle Contae Chorcaí - €68,445 – le haghaidh balla a dhearadh agus a thógáil mar neartú ar an mballa mara ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí.
  • Comhairle Contae Chill Chainnigh - €54,000 – le haghaidh Staidéir Tuile/Measúnú Priacal Tuile ag Ard Lú, Corclach, Co. Chill Chainnigh.

Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar @opwireland

Faigh sinn ar @opwireland

Lean sinn ar @opwireland

Lean sinn ar @Office of Public Works


Nótaí

Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta i 2009.

Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.

Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail fhaofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.

De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú i bpáirt a bhreathnú.

Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.

Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.

Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag Minor Flood Mitigation Works and Coastal Protection Scheme