Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh Staidéir Indéantachta um Mionoibreacha Cosanta Tuilte ag Móinéir an Droichid, Co Loch Garman
- Foilsithe: 2 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2022
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Loch Garman faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim tá maoiniú €44,218 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) um Staidéar Indéantachta chun cúis, réiteach dóchúil agus costas tairbhe a léiriú maidir le scéim cosanta tuilte ag Móinéir an Droichid, Co Loch Garman.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Nótaí
Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta i 2009.
Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. https://www.floodinfo.ie/county-summary.
De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.
Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail fhaofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.
De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú i bpáirt a bhreathnú.
Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.
Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.
Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag Item was unpublished or removed