Fógraíonn an tAire O’Donovan go bhfuil Sceilg Mhichíl ar oscailt le haghaidh Séasúir 2022
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 17 Bealtaine 2022
D’fhógair Patrick O’Donovan T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), go n-athosclófar Sceilg Mhichíl don phobal Dé Sathairn, 14 Bealtaine 2022. Tá foireann oibre OPW ann faoi láthair ag cur críoch le hullmhúcháin um shláinte agus sábháilteacht sul a n-osclófar an suíomh. Ar ndóigh, brathann an dáta athoscailte ar an aimsir a bheith oiriúnach; moltar do chuairteoirí féachaint ar OPW - HeritageIreland maidir leis an scéal is déanaí sul a dhéanann siad aon socruithe taistil.

Ag fógairt an scéil inniu, dúirt an tAire O’Donovan: “Tá an-áthas orm bheith ábalta an dea-scéal seo a fhógairt do lucht saoire gur mian leo cuairt a thabhairt ar Sceilg Mhichíl an samhradh seo agus do na pobail tuaithe áitiúla a bhrathann ar thurasóireacht an oileáin. Ba phribhléid agam cuairt a thabhairt ar an Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO seo anuraidh, áit a bhfaca mé an obair chaomhnaithe leanúnach ar na tithe solais, uachtar agus íochtar, agus forbairt na n-áiseanna do chuairteoirí, saothar a leanfaidh ar feadh an séasúir. Caomhnóidh na hoibreacha seo oidhreacht leochaileach chultúrtha an oileáin agus cabhrófar linn meas agus tuiscint ar an suíomh ársa mainistreach seo a chosaint, a chaomhnú agus a chothú ar mhaithe le pobal an lae inniu agus na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh amach anseo.”
CRÍOCH
Um breis eolais, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag: pressoffice@opw.ie nó 087 147 0617.
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland