English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan gur ceapadh comhairleoirí innealtóireachta le haghaidh Scéim Fhaoisimh Tuile Bhaile an Chabháin

Inniu (26 Bealtaine) thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., cuairt ar Bhaile an Chabháin tráth ar cheap Comhairle Contae an Chabháin Byrne Looby Consulting Engineers Ltd mar Chomhairleoirí Innealtóireachta chun Scéim Fhaoisimh Tuile Bhaile an Chabháin a dhearadh. Arna sholáthar i gcomhpháirtíocht le OPW, tá Scéim Fhaoisimh Tuile Bhaile an Chabháin mar chuid den infheistíocht Rialtais €1.3 billiún um fhaoiseamh tuile faoi Project Ireland 2040, chun pobail ar fud Éireann a chosaint ar thionchair an athrú aeráide le scéimeanna faoisimh tuile atá oiriúnaithe agus a sheasfaidh an aimsir.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Le ceapadh comhairleoirí inniu ag Comhairle Contae an Chabháin, ag obair go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí, feictear gur thionscnaigh an Rialtas seo, lasitigh de cheithre bliana, 90 scéim fhaoisimh tuile ar fud na tíre. Maidir leis an bpobal áitiúil i mbaile an Chabháin, ciallaíonn sé go gcosnófar 54 teach cónaithe agus 56 maoin neamhchónaithe sa bhaile, atá faoi phriacal tuile, nuair a bheidh an scéim seo críochnaithe. Déanfaidh na comhairleoirí an scéim a dhearadh i gcomhairle leis an bpobal áitiúil; beidh deis acusan gníomhú leis na moltaí trí chomhairliúchán forleathan poiblí le linn an phróisis.”

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae an Chabháin, Tommy Ryan:

“Leis an infheistíocht mheasta de bhreis agus €7 milliún, is leathnú suntasach é seo ar chosaintí tuile Bhaile an Chabháin. Tabharfaidh an tionscadal seo cosaint atá fíor-riachtanach ar thithe cónaithe agus ar ghnóthais sa cheantar, bunaithe ar an taighde forleathan maidir le priacal tuile i mBaile an Chabháin a bhí mar chuid den Staidéar MBPTA. Táimid ag súil le hoibriú go dlúth le OPW chun an scéim thábhachtach seo a thabhairt chun críche.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chabháin, an Comhairleoir Clifford Kelly:

“Fáiltím roimh an ceapachán seo agus roimh an beart suntasach a léiríonn an scéim seo. Molaim do na páirtithe leasmhara uile páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí a bheidh mar chuid de chéimeanna pleanála agus dearaidh an tionscadail.”

Beidh an Scéim Fhaoisimh Tuile atá molta do Bhaile an Chabháin faoi réir ag measúnú agus pleanáil (taispeáint agus dearbhú) ar leibhéal tionscadail. Féadfar sraith cruachosaintí a chuimsiú, claífoirt agus ballaí tuile san áireamh. Ins na cruachosaintí seo atá molta, bheadh meánairde 1.4m agus fad iomlán 2km; thabharfadh siad seo cosaint mhaoine suas chuig an Dóchúlacht Sáraithe Bliantúil 1% (nó 1 as 100) de chaighdeán tuile.


Beidh grianghraif ón ócáid ar fáil ó Lorraine Teevan Photography hello@lorraineteevan.com nó ó Phreas-Oifig OPW pressoffice@opw.ie.

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Faigh sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Scéim Fhaoisimh Tuile Bhaile an Chabháin:

• Is é Comhairle Contae an Chabháin, ag obair le OPW, an tÚdarás Tosaigh maidir le Scéim Fhaoisimh Tuile Bhaile an Chabháin a sholáthar.

• Is é an réamh-mheastachán ar chostas na Scéime ná €7.3m.

• Tá Grúpa Stiúrtha Tionscadail bunaithe, ina bhfuil foireann riaracháin agus teicniúil OPW chomh maith le hionadaithe an Údaráis Áitiúil; tá sé seo ar aon dul leis na socruithe atá déanta maidir le tionscadail atá ar bun cheana féin faoin Chlár Oibreacha Caipitiúla um Fhaoiseamh Tuile.

• Meastar go nglacfaidh Céim 1 den scéim dhá bhliain; cuimseoidh sé seo suirbhéanna agus measúnaithe comhshaoil um roghanna a léiriú agus dearadh na scéime a thabhairt cun cinn mar ullmhú don iarratas Pleanála. Faoi réir ag cead pleanála, meastar go nglacfaidh sé dhá bhliain an obair thógála a dhéanamh.

• De réir mar is cuí agus an scéim ag dul ar aghaidh, beidh comhairliúchán le dreamanna reachtúla agus neamhreachtúla chomh maith leis an bpobal, ionas go mbeidh deis ag na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a nochtadh maidir le cur chun cinn na scéime seo.