Fógraíonn an tAire O’Donovan gur ceapadh conraitheoirí le haghaidh Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Mart
- Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d'fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., gur cheap Comhairle Contae Mhaigh Eo Cunningham Civil and Marine Ltd. chun an Scéim Cosanta Tuilte i gCathair na Mart a thógáil. Tá buiséad €1.181m don scéim seo a chuirfear i gcrích i gcomhpháirtíocht le OPW. Is cuid é seo den infheistíocht Rialtais €1.3bn faoi Project Ireland 2040 chun pobail ar fud Éireann a chosaint ar thionchair an athrú aeráide le scéimeanna cosanta tuilte atá inoiriúnaithe agus díonaithe ón todhchaí.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“I mí an Mheithimh i mbliana thug mé féin cuairt ar Chathair na Mart agus chonaic mé láthair na scéime seo. Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil conraitheoirí ceaptha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, ag obair go dlúth le hOifig na nOibreacha Poiblí. Dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu san dá eastát a bhí faoi uisce le linn tuilte 2015, is maith an scéal é go mbeidh an 36 teach cónaithe sin faoi chosaint go luath nuair a bheidh an obair críochnaithe.”
Dúirt Kevin Kelly, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo:
“Tá áthas orm go bhfuil Cunningham Civil & Marine Ltd. ceaptha mar chonraitheoirí chun an Scéim Cosanta Tuilte i gCathair na Mart ag Cois Abhainn agus Coill na Fuinseoige a thógáil. Le trí bliana anuas d’oibrigh Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí agus eagrais reachtúla eile chun an scéim cosanta tuilte seo a chur chun cinn agus an dá cheantar cónaithe seo a chosaint. Bhí an dá eastát i ndroch-chaoi nuair a tharla tuilte ó Abhainn na Ceathrún Bige i mí na Nollag 2015. Gabhaim buíochas le foireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Langan Consulting Engineers Ltd as a gcuid oibre chun an scéim seo a thabhairt ar aghaidh go dtí seo. Táim buíoch freisin do na baill thofa i gCeantar Bardasach Chathair na Mart-Bhéal an Mhuirthead as a dtacaíocht chun an scéim seo a chur chun cinn.”
Dhear Langan Consultant Engineers an scéim cosanta tuilte le haghaidh Cois Abhainn agus Coill na Fuinseoige i gcomhairle leis an bpobal agus tugadh cead pleanála chuige i mí na Samhna 2021. Cuimsíonn an scéim sraith cruachosaintí, claífoirt agus ballaí tuile san áireamh, a thabharfaidh cosaint ar réadmhaoin den chaighdeán tuilte 1% (nó 1 i 100) Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil.
Um breis eolais déan teagmháil le Preas-Oifig OPW - pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works