English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O'Donovan gur faomhadh maoiniú le haghaidh Mionoibreacha um Maolú Tuile ag An Coireán, Co. Chiarraí

D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Chiarraí faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Faoin scéim tá maoiniú €35,492 faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le haghaidh oibreacha atá beartaithe. Orthusan beidh athchóiriú agus neartú sraodbhalla carraige trá ag An Phromanáid, An Coireán.


Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie

Lean sinn ar Twitter @opwireland

Lean sinn ar Facebook @opwireland

Lean sinn ar Instagram @opwireland

Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works


Nótaí

Thosaigh OPW an Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta i 2009. Ó shin i leith, faomhadh 51 iarratas ó Chomhairle Contae Chiarraí faoin scéim seo (floodinfo.ie/county.).

Is aidhm don scéim maoiniú a sholáthar chuig Údaráis Áitiúla, chun mionoibreacha um maolú tuile a thionscnamh nó staidéir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna tuile agus cosaint chósta laistigh dá gceantair riaracháin féin. De ghnáth, tá feidhm leis an scéim sa chás gur féidir réiteach a aimsiú agus a fheidhmiú laistigh de ghearrthréimhse ama.

Faoin scéim, breathnaítear iarratais ar thionscadail a mheastar ar chostas nach mó ná €750,000 i ngach cás. Tá maoiniú suas chuig 90% den chostas ar fáil le haghaidh tionscadail fhaofa. Measann OPW iarratais maidir le critéir ar leith na scéime – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, coibhneas costais is tairbhe san áireamh.

De ghnáth, ní bhreathnófar um maoiniú OPW oibreacha is cúram de na húdaráis áitiúla. Ach sa chás go maolódh a leithéid d’oibreacha priacal tuile réadmhaoine, féadfaidh OPW maoiniú i bpáirt a bhreathnú.

Ní mór do na hÚdaráis Áitiúla a bheith sásta nach mbeidh tionchar ag na hoibreacha ar phriacal tuile in áit eile.

Is ceist do gach Údarás Áitiúil féin oibreacha um a bhfuil maoiniú faofa a thosú agus a chur chun cinn.

Tá breis eolais, liostaí bliantúla na dtionscadal gur faomhadh maoiniú dóibh san áireamh, ar fáil ag floodinfo.ie/minor-works.